3 Má éistid síad riot, agus go ḃfillfiḋ gaċ áonduine ó na ḋroiċṡliġe, ċor go mbía aiṫreaċus orumsa fa nolc, do ṫionnscuin mé do ḋéanaṁ orra tre olcus a ngníoṁ.
¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.
An ḃfaiceann tú mar uṁluiġios Ahab é féin am ḟiaḋnuisi? do ċionn gur uṁluiḋ sé é feín am laṫair, ní ṫiuḃra mé an tinneaċaḋ na láeṫiḃsion: aċt a láeṫiḃ a ṁic do ḃeara mé an tinneaċaḋ ar a ṫiġ.
Uimesin a nois leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus uṁlúiġiḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía; agus biáiḋ aiṫreaċuis air an TTIĠEARNA ó nolc dfúagair sé ḃur naġaiḋ.
Ar ċuir Heseciah ríġ Iúdah agus Iúdah uile ċum báis ar aonċor é? naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA air, agus naċ ar íarr sé an TIĠEARNA, agus naċ ar ḃaiṫreaċ leis an TTIĠEARNA an tolc dfúagair sé na naġuiḋ? Marso do ḋéanamaoisne olc mór a naġaiḋ ar nanmann.
Féadfuiḋe go ccluinfeaḋ tiġ Iúdah a nuile olc dar ṫionscuin misi do ḋéanaṁ ḋóiḃ; ċor go ḃfillfidis gaċ uile ḋuine ó na ḋroiċṡliġe; ċor go maiṫfinnsi a néigceart agus a bpeacaḋ.
Do bféidir go ccuirfidís a ngearán a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA, agus go ḃfillfeaḋ gaċ áon ḋíoḃ ó na ḋroiċṡliġe: óir is mór a nfearg agus an tainteas dfoillsiġ an TIĠEARNA a naġáiḋ an ṗobailsi.
Uimesin, a ṁic an duine, gléus soiṫiġe ċum áṫruiġṫe, agus áṫruiġ annsa ló inna raḋarcsan; agus áṫroċa tú ód áit féin go háit oile iona raḋarc: do bféidir go measfaidis, bíoḋ go ḃfuilid na ttiġ easuṁal.
¶ Aċt má ḟillionn an ciontaċ ó na ṗeacuiġiḃ uile do rinne sé, agus go ccoiṁeadfa sé mo reaċtasa uile, agus go ndéana an ní is dlisdionaċ agus is ceart, mairfiḋ sé gan aṁarus, ní ḃfuiġe sé bás.
Ní ċríoċnoċa mé buirbe mfeirge, ní iompoċa mé do ṁilleaḋ Eṗraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náoṁṫa ann do lár: agus ní raċuiḋ mé a steaċ annsa ċaṫraiġ.
Agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, naċ ar ḃé so mo ráḋsa, an tan do ḃaḋas fos ann mo ṫír? Uimesin do ṫeiṫ mé roiṁe go Tarsis: óir do ḃi a ḟios agam gur Día grásaṁuil ṫusa, agus trocaireaċ, mall ċum feirge, agus mórċinéulta, agus go mbí aiṫreaċus uilc ort.