Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 26:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Is marso a dear an TIĠEARNA, Seas a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA, agus laḃair ré huile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, noċ ṫig go tiġ an TIĠEARNA daḋraḋ, na huile ḃríaṫra aiṫeonus misi ḋíot do laḃairt ríu; na laġduiġ áon ḟocal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 26:2
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Criosluiġ ṫusa ar a naḋḃarsin do leasraċ súas, agus éiriġ, agus laḃair ríu a nuile ní dá naiṫeonuiḋ misi ḋíot: na bíoḋ anḃfainne ort ré na naiġṫiḃ, deagla go cclaóiḋfuinn ṫusa rompasan.


Aċt a duḃairt an TIĠEARNA liom, Ná habair, is leanaḃ mé: óir raċa tú ċum gaċ neiṫe gus a ccuirfiḋ misi ṫú, agus giḋ bé ní aiṫeonas mé ḋíot déara tú é.


Annsin ṫáinic Ieremiah ó Ṫoṗet, mar ar ċuir an TIĠEARNA é dfaiġeadóireaċt; agus do ṡeas sé a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA; agus a dúḃairt sé ris an bpóbal uile,


An fáiġ agá mbí aisling, inniseaḋ aisling; agus an té agá ḃfuil mfocalsa, laḃraḋ sé mo ḃríaṫar go fírinneaċ. Cred é buáin na cáṫa ris an ccruiṫneaċt? a deir an TIĠEARNA.


Noċ do laḃair an fáiġ Ieremiah re pobal Iúdah uile, agus ré muinntir Ierusalem uile, ġa ráḋ,


¶ Annsin a dúḃairt an fáiġ Ieremiah ris an ḃfáiġ Hananiah, a ḃfíaġnuise na sagart, agus a ḃfíaġnuise an ṗobail uile do ṡeas a ttiġ an TIĠEARNA,


Annsin do léiġ Baruċ annsa leaḃar bríaṫra Ieremiah a ttiġ an TIĠEARNA, a seomra Ġemariah ṁíc Saṗan an scriḃneóir, annsa ċúirt dob áirde, ag dul a steaċ an ġeata nuáiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, a cclúasaiḃ an ṗobail uile.


Ann sin a dúḃairt Ieremiah an fáiġ riú, Do ċúala mé siḃ; féuċ, guiḋfiḋ mé ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía do réir ḃur mbríaṫar; agus tiucfuiḋ a ccríċ, giḋ bé ar biṫ ni ḟreagorus an TIĠEARNA ḋíḃsi, go ḃfoillseoċa mé ḋíḃ é; ní ċoinneoċad aóinní ar ccúl uáiḃ.


Seas a ngeata ṫiġe an TIĠEARNA, agus fúagair an ráḋso annsin, agus abair, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile, ṫigios a steaċ annsna geataḋuiḃsi daḋraḋ an TIĠEARNA.


Uimesin a déara tú na bríaṫraso uile ríu; aċt ní éistfidsion riot: goirfiḋ tú orra mar an ccéadna; aċt ní freagoruid síad ṫú.


Tuilleaṁ oile a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, gáḃ ann do ċroiḋe, mo ḃriaṫrasa uile noċ laiḃeorus mé riot, agus cluin lé do ċlúasaiḃ.


Marsin ṫusa, a ṁic an duine, do ċuir mé ṫú mar ḟear faire ċum tiġe Israel; uimesin éistfiḋ tú an ḃríaṫar ó mo ḃéulsa, agus taḃair fúagra ḋóiḃ uáimsi.


Agus a duḃairt an duine riomsa, A ṁic an duine faic lead ṡúiliḃ, agus cluin led ċlúasaiḃ, agus suiġiḋ do ċroiḋe air a nuile ní ṫaisbéanfas misi ḋúit; óir is ċum go ttaisbéanfuinn duit íad tugaḋ annso ṫú: foillsiġ do ṫiġ Israel a nuile ní do ċíḋ tú.


Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.


Agus do ḃíoḋ sé teagasg gaċ lá ann sa teampall. Agus díarradar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe agus cinn an ṗobuil eisíon do ṁarḃaḋ,


Do ḟreaguir Iósa é, Do laḃair misi ós áird ris a tsáoġal; do ṫeagaisg mé do ġnátg ann sa tsínagóig, agus ann sa teampoll, mar a gcruinniġid na Iúdaiġe uile a gceann a ċéile; agus níor laḃair mé éinní a ḃfolaċ.


Agus táinig sé go moċ ar maidín a rís don teampull, agus tangadar an pobal uile ċuige; agus ar suiḋe ḋó, do ṫeagaisg sé íad.


Agus nár ċongnaiṁ mé ní ar biṫ go folaiġṫeaċ dár ḟóguin, gan a ḟoillsiuġaḋ ḋíḃ, agus gan ḃur dteagasg go puibliḋe, agus ó ṫíġ go tíġ,


Oír níor ṡeaċain mé coṁairle Dé ḟoillsiuġaḋ ḋíḃ go hiomlán.


Aċd ar dteaċd do neaċ áiriġe dinnis sé ḋoiḃ, ag ráḋ, Féuċ, na fir do ċuireaḃair a bpríosún atáid síad na seasaṁ sa teampall, agus ag teagusg an ṗobail.


Agus gaċ lá sa teampall, agus ó ṫiġ go tiġ, níor sguireadar do ḃeiṫ ag teagasg agus ag seanmóruġaḋ Iósa Ċríosd.


Giḋ bé ar biṫ ní aiṫéonus misi ḋaoiḃ, coiṁéaduiġ a ḋéanaṁ, ni ċuirfe tú éinní na ċionn, agus ní mó ḃeanfas tú ḋe.


Aċ ċum na háite ṫoiġfeas an TIĠEARNA ḃur Ndía amaċ as ḃur ttreaḃuiḃ uile do ċur a anma ann, eaḋon dá ionad ċoṁnuiġe iarrfuiḋesi dul, agus is ann ṫiocfuiḋe:


Ní ċnirfiḋe a gcionn an nfocail aíṫeanus misi ḋíḃ, ní mó laiġdeoċṫáoi éinní ḋe, ċor go gcoiṁéadfuiḋe aiṫeanta an TIĠEARNA ḃur Ndía noċ aiṫniġimsi ḋíḃ.


Ní raiḃ focal dar aiṫin Maóise, nar léiġ Iosua a laṫair ċoṁċruinniġ ċloinne Israel uile, maille ris na mnáiḃ, agus leis na leanbuiḃ, agus leis na coiṁiġṫiḃ do ḃí gnáṫaċ na measg.


Agus dá mbeanuiḋ éinneaċ do ḃríaṫruiḃ leaḃair na faiḋeadóireaċdsa, beanfuiḋ Día a ċuidsion as leaḃar na beaṫa, agus as a gcaṫair náoṁṫa, agus as na neiṫiḃ atá sgríoḃṫa sa leaḃarsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ