Agus an tiġso, atá coṁard sin, biáiḋ úaṁan ar gaċ éanduine dá ngeaḃaiḋ láiṁ ris, agus béid ag fiosurnuiġ; agus a déarúid, Cred fá ndéarna an TIĠEARNA so ris a ndúiṫċesi, agus ris án ttiġso?
Do ḃríġ gur ṫreígeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeeiḃ eile, ċor go mbrostuiġeadis misi ċum feirge le uile oibreaċa a láṁ; uimesin lasfuiḋ mfearg a naġaiḋ na háitesi, agus ní ṁúċfuiġṫear í.
Do ḃríġgur ṫreigeadar mé, agus gur loisgeadar túis do ḋeéiḃ oile, le a ccuirfidis fearg ormsa re uile ṡáoṫar a láṁ; uimesin dóirtfiġṫear mo ḋieġaltas amaċ ar a náitsi, agus ní múċfuiġṫear í.
Dfilleadar ar a nais ar éigceartuiḃ a naiṫreaḋ rompa, noċ do ḋíult mo ḃríaṫarsa déisteaċt; agus do ċúadar a ndiáiġ dée oile dá naḋraḋ: do ḃris tiġ Israel, agus tiġ Iúdah mo ċunnraḋ noċ do rinne mé ré na naiṫriḃ.
Ann sin a déara tú ríu, Do ḃríġ gur ṫréigeadar ḃur naiṫre mé, a deir an TIĠEARNA, agus gur ṡlúḃluiġeadar a ndiáiġ dée oile, agus gur aḋradar ḋóiḃ, agus gur onóruiġeadar íad, agus gur ṫréigeadar misi, agus nar ċoiṁéadadar mo ḋliġeaḋ;
Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ.
Aċt fuigfiḋ mé beagán do ḋaóiniḃ aca ón ccloiḋeaṁ, ón ngorta, agus ón bpláiġ; ċor go ḃfoillseoċuid a nuile ġráineaṁlaċt a measc na ccineaḋaċ mar a ttiucfuid síad; agus aiṫeonuid gur misi an TIĠEARNA.
Agus coṁḟurtaċtfuid siḃsi, an tan do ċíḋfiḋe a slíġṫe agus a ngníoṁa: agus aiṫeontaói naċ gan aḋḃar do rinne mé a nuile ní dá ndéarnas ann, a deir an Tiġearna DIA.
Agus aiṫeonuid na geinte gurob ar son a néigceart do ċuáiḋ tiġ Israel a ndaóirsine: do ḃríġ gur ċiontuiġeadar am aġaiḋsi, uimesin dfoluiġ mé maġaiḋ úaṫa, agus ṫug mé a láiṁ a náṁad íad: marsin do ṫuitiodar uile leis an ccloiḋeaṁ.
Marsin biáiḋ sé na scannail agus na ṁagaḋ, na ṫeagasc agus na úaṫḃás do na cineaḋaċaiḃ atá ad ṫimċioll fa ccuáirt, a nuáir do ḋéanad breiṫeaṁnus ionnad a ḃfeirg agus a ccuṫaċ, agus a niomaiṫḃioruiḃ fíoċṁara. Misi an TIĠEARNA a duḃairt é.