Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 22:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Is marso a deir an TIĠEARNA; Déanuiḋ breiṫeaṁnus agus fíréantaċ, agus sáoruiḋ an díoġḃálaċ as láiṁ an diḃḟeirgiḋ: agus nadé anuiḋ éagcóir, na déanuiḋ éigion ar an ccoiṁṫiġeaċ, ar an ndilleaċda, no air an mbaintreaḃuiġ, agus ná dóirtiḋe fuil neiṁċiontaċ annsa náitsi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 22:3
49 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

A duḃairt Día Israel, do laḃair Carruig Israel riomsa, Caiṫfiḋ an té ríaġlas ós cionn daóine ḃeiṫ ceart, ag ríaġlaḋ an neagla De.


Agus mar an gcéadna ar son na fola neiṁċiontuiġ noċ do ḋoirt sé: (óir do lión sé Ierusalem le fuil neiṁċiontuiġ); naċ maiṫfeaḋ an TIĠEARNA.


Do ċuir tú baintreaḃaċa uáit folaṁ, agus do ḃádar riġṫeaċa na ndílleaċt briste.


Tairngid síad an dílleaċda ón ċíċ, agus beirid geall ón ḃoċt.


Isé Día aṫair na ndílleaċt, agus breiṫioṁ na mbaintreaḃaċ, a nionad coṁnuiḋe a náoṁṫaċta.


Sáor an boċt agus an ríaċtanaċ: ó láiṁ an duine urċóidiġ tárṫuiġ é.


Coiṁċeanglaid íad feín a naġaiḋ anma a nfíréin, agus damnuiġid an ḟuil neiṁċiontaċ.


Marḃuid síad an ḃaintreaḃaċ agus an duine coigriċe, agus do níd feall air an ndílleaċda.


Ní ḃuaiḋeóra tú agus ni ḃrúiġfe tú coiṁiġṫeaċ: óir do ḃáḃair féin ḃur ccoiṁiġṫeaċuiḃ a gcríċ na Hégipte.


Ní ḋéana tú léaṫtrom air ḃaintreaḃuiḋ, nó ar ḋíleaċda air biṫ.


Ná haṫruiġ an seintéora; agus ná heiriġ a steaċ ar ḟearann na ndílleaċt:


Féuċuin uaiḃreaċ, teanga ḃréagaċ, agus láṁa ḋóirtios fuil neiṁċiontaċ,


Atáid do ṗrionnsaḋa cogṫaċ, agus na ccompanaċaiḃ ag gaduiġṫiḃ: is ionṁuin le gaċ uile ḋuine cuṁa, agus imṫiġid a ndiáiġ na luáiġeaċt: ní ḃreaṫnuiġid an dilleaċda, agus ní ṫig cúis na bamtreaḃuiġ ċuca.


Naċ é so an trosgaḋ do ṫoġ misi? do sgaoileaḋ cuiḃreaċ a nuilc, déadtromaḋ na núalaċ trom, agus an ṁuinntir ṡaruiġte dḟuasglaḋ, agus go mbriseaḋ siḃ gaċ uile ċuiḃreaċ?


Naċ ċum haráin do roinn ar na hocraċaiḃ, agus go ttugṫá dot ṫiġ na boiċt air seaċrán? a nuáir do ċife tú an tárrnoċd, go ḃfoileoċa tú é, agus naċ ḃfoileoċa tú ṫú féin ód ḟeoil féin?


Do ḃríġ gur ṫréigeadar misi, agus go ndeárnadar a náitse coiṁiġṫeaċ, agus gur loisgeadar túis innte do ḋéeiḃ oile, noċ nár ḃaiṫnid ḋóiḃ féin nó ḋá naiṫriḃ, nó do ríġṫiḃ Iúdah, agus gur líonadar a náitsi lé fuil neiṁċiontuiġ;


A ṫiġ Ḋáiḃi, is marse a deir an TIĠEARNA; Déan breiṫeaṁnus ar maidin, agus tárṫuiġ an té do milleaḋ amaċ as láiṁ an ṁilltéora, deagla go raċaḋ mfearg amaċ aṁuil teine, agus go loisgfeaḋ ċor naċ ḃféadfaḋ áonduine a múċaḋ, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁ.


Aċt ní ḃfuilid do ṡúilesi nó do ċroiḋe aċd ar son do ṡainte féin, agus do ḋórtaḋ fola neiṁċiontuiġe, agus ċum sáruiġṫe, agus foiréigin, da ḋéanaṁ.


¶ Annsin a dúḃradar na prionnsaḋa agus an pobal uile ris na sagartuiḃ agus ris na fáiġiḃ; Ní cóir an fearso do ċuir ċum báis: óir do laḃair sé rinn a nainm an TIĠEARNA ar Ndía.


Dfásadar méiṫ, agus déallruiġid: fós, sáruiġid síad gníoṁa na ndroċḋaoine: ní ḃreaṫnuiġid síad an ċúis, cúis an dílleaċda, giḋeaḋ tigid ar a naġaiḋ; agus ní ḃreaṫnuiġid cóir a neasḃuiḋiġ.


Aċt daiṫin mé an ní so ḋíoḃ, ḋá ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġlór, agus buḋ misi ḃur Ndía, agus beiṫíse ḃur bpobal agamsa: agus siuḃluiġiḋ annsna huile ṡliġṫiḃ dar aiṫin mé, ċor go mbeiṫear go maiṫ aguiḃ.


Aċt an tí do ḋéanas glóir, glóruiġeaḋ annso, go ttuigionn sé agus go naiṫniġionn sé misi, gur mé an TIĠEARNA ċleaċtas cinéul gráḋaċ, breiṫeaṁnus, agus fíréantaċd, annsa talaṁ: óir is annsna neiṫiḃsi ḋúiliġim a deir an TIĠEARNA.


Do ċlaóiḋ duine iona ċúis, ní ḋearḃann an TIĠEARNA.


Gur ḃrúiġ sé án boċt agus an riaċtanaċ, gur ṡlad sé maille re foiréigion, nar aisig sé a ngeall, agus gur ṫóig sé a ṡúile súas ċum na nioḋal, go ndéarna sé gráineaṁlaċt,


Agus nar ċoiṁéigniḋ duine ar biṫ, aċt daisig don ḟeiċṫeaṁnaċ a ġeall, nar ċreaċ áonduine lé foiréigion, ṫug arán do nocraċ, agus dfoluiġ an tárnoċt lé héaḋaċ;


Ionnadsa do ṫarcuisniġeadar aṫair agus maṫair: aun do lár do rinneadar go cealgaċ ris an ccoiṁṫiġeaċ: ionnadsa do rinneadar foiréigion air an ndílleaċta agus air an mbaintreaḃuiġ.


¶ Is marso a deir an Tiġearna DIA; Go maḋ lór liḃ, a ṗrionnsaḋa Israel: áṫruiġiḋ uáiḃ foireigion agus millteaċus, agus déanuiḋ breiṫeaṁnus agus ceart, agus beiriḋ liḃ ḃur ḃfóirneart óm ṗobal, a deir an Tiġearna DIA.


Biáiḋ a Négipt na fásaċ, agus biáiḋ Edom na fásaċ áonranaċ, do ḃríġ foiréigin a naġaiḋ ċloinne Iúdah, do ḃríġ gur ḋóirteadar fuil neiṁċiontaċ ann a ndúṫaiġ.


¶ Ní ḋéantáoi éacceart a mbreiṫeaṁas: ní ṁeasfuiḋ tú pearsa an ḃoiċd, agus ní onórfuiġ tu pearsa an ċuṁaċduiġ: a ḃfíreantaċd do ḋéana tú breiṫeaṁnus ar do ċoṁarsain.


Fúaṫuiġiḋ an tolc, agus gráḋuiġiḋ an ṁaiṫ, agus suiġiḋ breiṫeaṁnus annsa ġeata: dob éidir go mbíaṫ an TIĠEARNA Día na slóġ grásaṁuil ré híarasma Ióseṗ.


Aċt rioṫaḋ breiṫeaṁnus síos aṁuil uisgeaḋa, agus fíréantaċt aṁuil sruṫ laidir.


Do ní a ccinn sin breiṫeaṁnus air luáiġeaċt, agus teagasguid a sagairt ar ṫúarustal, agus fáistiniġid a ḃfáiġe ar airgiod: giḋeaḋ luiġfid air an TTIĠEARNA, agus a déaruid síad, Naċ ḃfuil an TIĠEARNA ar measg? ní ḟéadann olc ar biṫ teaċt oruinn.


Do ṫaisbéin sé ḋuit, a ḋuine, cred is maiṫ; agus créd íarrus an TIĠEARNA ort, aċt ceart do ḋéanaṁ, agus trócaire do ġráḋuġaḋ, agus siuḃal go huṁal le do Ḋía?


Agus tiucfa mé láiṁ riḃ ċum breiṫeaṁnuis; agus biáiḋ mé am ḟíaḋnuisi luáṫ a naġaiḋ na bpiseógaċ, agus a naġaiḋ na naḋaltrannaċ, agus a naġaiḋ na néiṫeaċ, agus a naġaiḋ ṁealltaċ na seirḃíseaċ iona dtúarusdal, na baintreaḃṫuiġe, agus an dilleaċda, agus iompoiġios do leaṫ taóiḃ an coimbṫiġeaċ agus naċ eagluiḋionn roṁamsa, a deir TIĠEARNA na slóġ.


As anáoiḃinn dáoiḃ a sgríobuiḋe agus a Ḃṗairisíneaċa, a luċd an ḟúarċráḃaiḋ! oír gaḃṫáoi deaċṁuiḋ an ṁionntais agus na hainíse agus an ċoimin, agus leigṫí ṫaruiḃ an ċuid is táḃaċduiġ don dliġeaḋ, coṁṫrom, agus trocaire, agus firinne: do buḋ coir ḋáoiḃ íad so do ḋéanaṁ, agus gán íad súd dfágḃáil gan déanaṁ.


Críoċnuiġiḋ sé breiṫcaṁnus na ndíllea hd agus na mbaintreaḃaċ, agus gráḋuiġ an coigcríoċ, ag taḃairt bíḋ agus éuduiġ ḋó.


¶ Ní ċláonfa tú breiṫeaṁnus an ċoiṁiṫiġ, nó an dílleaċda; agus ní ġlacfa tú éadaċ baintreaḃuiġ a ngeall:


¶ Má ġeiḃṫíor duine ag goid éanduine dá ḋearḃraiṫriḃ do ċloinn Israel, agus go ndéan sé malairt de, nó go ndíolfaiḋ é; annsin báiseoċṫar an gaduiġe; agus cuirfe tú an tolc ar gcúl uaiḃ.


Ma ḃionn imreasain idir ḋáoiniḃ, agus go ttiucfuid ċum breiṫeaṁnuis, ċum go ndéindis na breiṫeaṁuin breiṫeaṁnus eatorra; an sin sáorfuid an ḟíréun, agus daimneoċuid an ċiontaċ.


Go ma malluiġ an té ċlaonus breiṫeaṁnus an ċoiṁiḋṫiḋ, an dílleaċda, agus na baintreaḃuiġ. Agus déara an pobal uile, Amén.


Ag so an ríaġail ġlan gan ċáiḋe a ḃfíadnuise Dé agus a Naṫar, Eaḋon dul dféuċain na ndileaċdaḋ agus na mbaintreaḃaċ a nám a ríaċdanuis, neaċ é féin do ċoiṁéud gan ċáiḋe ón tsáoġal.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ