Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus ní dúḃradar, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA noċ ṫug a níos sinn ó ċriċ na Hégipte, do ṫréoruiġ sinn ṫrid an dioṫraṁ, agus tré ḟearann bán fásuiġ, agus tre ṫir ṫarta, agus scáile an ḃáis, tré ḟearann naċ ar ġaḃ aonduine ṫríd, agus naċ ar áitreiḃ aonduine.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 2:6
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac sé falluing Elias do ṫuit uaḋ, agus do ḃuáil na huisgeaḋa, agus a duḃairt, Cáit a ḃfuil TIĠEARNA Día Elias? agus a nuáir do ḃuáil seisíon fós na huisgéaḋa, do ċúadar ó ċéile anonn sa nall: agus do ċuáiḋ Elisa ṫairis.


Agraḋ dorċadas agus scáile an ḃáis é; coṁnuiġeaḋ néull air; úambnuiġeaḋ dorċadas an laé é.


Aċt ní abaír áoinneaċ, Cáit a ḃfuil Día mo ċrúṫuiġṫeóir, noċ do ḃeir dánta úaḋ san noiḋċe?


Fós, ar son go siuḃloċuinn a ngleann scáile an ḃáís, ní ḃiáiḋ eagla uilc orum: óir atá tusa agam; coiḃreoċuiḋ do ṡlat agus do ṁaide mé.


Do ṁeas mé na laéṫe seannda, bliaḋna na seanaimsire.


Is misi anTTIĠEARNA do Ḋía, noċ do ṫréoruiḋ ṫusa amaċ as talaṁ na Hégipte, as tiġ na daóirse.


Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.


Agus ní ḃfuil áon ġoireas air mainmse, ċorruiġeas é féin súas do ġaḃáil greama ḋíotsa: óir dfoluiġ tú haġaiḋ oruinn, agus do leaġ tú sinn, ar son ar cciontaḋ.


Tugaiḋ glóir dá ḃur TTIĠEARNA Día, suil dó ḃéara sé dorċadus, agus suil ṫuisleoċuid ḃur ccosa ar na sléiḃtiḃ dorċa, agus, an feaḋ ḃeiṫí ag feiṫioṁ re solus, go ḃfillfiḋ séision é a sgáile an ḃáis, agus go ndéana sé dorċaċt ṫiuġ ḋe.


Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.


Ní duḃradar na sagairt, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA? agus an drong láṁuiġeas an dliġeaḋ nior aiṫniġeadar mé: do ċionntuiġeadar fós na háoḋaireaḋa am aġaiḋ, agus do ṫairġiriodar na fáiġe tré Ḃáal, agus do leanadar neiṫe naċ ttarḃuiġionn.


Do ċuireadar bréag ar an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Ní hé atá ann; ní mó ṫiucfas olc ċugainn; ní mó ċífiom cloiḋeaṁ nó gorta:


Agus mátá go nabruid síad, Mairiḋ an TIĠEARNA; go deiṁin mionnuiġid síad go bréagaċ.


Atáid a caiṫreaċa na ḃfasaċ, na ḃfearann ṫirim, agus na ndíoṫraṁ, fearann ann naċ ccoṁnuiġionn duine ar biṫ, ní mó ġaḃus mac duine ar biṫ láiṁ ris.


Agus lé fáiḋ do ṫréoruiġ an TIĠEARNA Israel amaċ as an Négipt, agus lé fáiḋ do sáḃálaḋ é.


¶ Ṫairis sin is misi an TIĠEARNA do Ḋía ó ċríċ na Hégipte, agus ní ḃiáiḋ fios día ar biṫ agad aċt misi: óir ni ḃfuil slanaiġṫeoir táoḃ amuiġ ḋíomsa.


Ṫug mé siḃsi fós súas as críċ na Hégipte, agus do ṫréoruiġ mé siḃ ceaṫraċad blíaḋan ṫríd an ḃfásaċ, do ṡealḃuġaḋ dúiṫċe an Amorítiġ.


An pubal do ḃí no ṡuiḋe a ndorċadas do ċunnairc sé soillse ṁór; agus atá solus ar neirġe do na dáoiniḃ atá na suiḋe a gcriċ agus a sgáile an ḃáis.


¶ Agus a nuáir do ġluaisiomar as Hóreb, do ċúamar ṫríd an ḃfásaċ mór uaṫḃásaċ uile, noċ do ċonncaḃair ar sliġe ṡléiḃe na Namoríteaċ, mar do aiṫin an TIĠEARNA ar Ndía ḋínn; agus tangamar go Cádes‐barnea.


Fuáir sé a ḃfearan díaṫraiṁ é, agus a ḃfasaċ uáigneaċ uaíllfeartaċ; agus do ṫeóruiġ sé timċioll é, do ṫeagaisg sé é, do coiṁéad sé é mar uḃall a ṡúl.


Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.


Agus á duḃairt Gidéon ris, Oh mo ṪIĠEARNA, má atá an TIĠEARNA máille rinn, cred fa tteagṁann so uile ḋúinn? agus cáit a ḃfuilid a ṁiorḃuile, noċ do innseadar ar naiṫreaċa ḋuinn, ḋá ráḋ, Naċ ttug an TIĠEARNA a níos ón Négipt sinn? aċd anois do ṫréig an TIĠEARNA sinn, agus do ṡeaċaid sé sinn a láṁuiḃ na Mídianaċ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ