Agus abair, Eistiġsi bríaṫra an TIĠEARNA, a ríġṫe Iúdah, agus a áitreaḃṫaċ Ierusalem; Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé olc air a náitsi, noċ giḋ bé ar biṫ ċluinfios, tormánfuid a ċlúasa.
Marso a deir an TIĠEARNA, Cred an téagceart fúaradar ḃur naiṫre ionnamsa, as ar imṫiġeadar a ḃfad úaim, agus ar ṡiúḃladar ar lorg díoṁaóinis, agus as a ndéarnaḋ dioṁaoin íad?
Naċ measann tusa cioḋ a dúḃradar an pobalso, ġa ráḋ, An dá ṁuinntir do ṫoġ an TIĠEARNA, do ṫeilg sé úaḋa íad? marso do ṫarcuisniġeadar mo ṁuinntir, ċor naċ beidís ní sa ṁó na ccineaḋ dá laṫair.
Seas a ngeata ṫiġe an TIĠEARNA, agus fúagair an ráḋso annsin, agus abair, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile, ṫigios a steaċ annsna geataḋuiḃsi daḋraḋ an TIĠEARNA.
Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċlann Israel: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA ré luċt áitreiḃe na tíre, do ḃríġ naċ ḃfuil fírinne, nó trócaire, nó éolus Dé annsa tír.