Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 2:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Do ḃí Israel na náomṫaċt don TIĠEARNA, agus na ṗrimidil dá ḃiseaċ: sgriosfuiġear gaċ a sluigeann é; tiucfuiḋ olc ċuca, a deir an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 2:3
32 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ní ḋéana tú failliġ primidil do ṫórṫa abuiḋ, agus do ḋiġe dofrail: ceidġin do ṁac do ḃéura tú ḋaṁsa.


Agus féusda an ḟoġṁair, céadṫórṫa do ṡáoṫair, noċ do ċuir tú san ṁaċaire: agus féusda an ċruinniġṫe a steaċ, a ndeireaḋ na blíaḋna, a nuáir ċruinneoċus tú a steaċ do ṡaoṫar ón ṁaċaire.


Féuċ, náireoċa agus claoiḋfiġear íad uile noċ do las ad aġaiḋ: béid síad aṁuil neṁní; agus díoġḃáiḋfiḋ an ṁéid ṫroídfios riot.


Do ḃí misi feargaċ rem ṁuinntir, do ṫruáilliġ mé moiġreaċd, agus ṫug mé ad láiṁsi íad: níor ṫaisbeain tusa grása ar biṫ ḋóiḃ; ar an tseanóir do léig tú an ċuing go ro ṫrom.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA a naġaiḋ mo ḋroċċoṁarsan uile, ḃeanas ris a noiġreaċd noċ ṫug mé ar mo ṗobal Israel doiġreaċtuġaḋ; Féuċ, tairreonga mé amaċ as an ndúṫaiġ íad, agus tairreonga mé amaċ tiġ Iúdah ó na measc sin.


Eístiġ ré focal an TIĠEARNA, a ṫiġ Iácob, agus a uile ṁuinnteara ṫiġe Israel:


Uimesin gaċ a sluigionn ṫusa biáid sluigṫe; agus raċaid do naiṁde uile, a ndaóirsine; agus gaċ áon dá ccreaċann ṫú biáid féin na ccreiċ, agus gaċ áon dá nairgionn tú do ḃéara misi mar arguin íad,


Duáiḋ a nuile ḋuine dá rug orra íad: agus a dúḃradar a neasccáirde, Ní ċiontuiġemíd, do ḃríġ gur ṗeacuiġeadar a naġaíḋ an TIĠEARNA, áitreaḃ an ċeirt, eaḋon an TIĠEARNA, dóṫċus a naiṫreaḋ.


Innisiḋ dá ḃur ccloinn é, agus innisioḋ ḃur cclannsa dá ccloinn féin, agus a cclannsan do ġinealaċ oile.


Aṁairg don ṁuinntir atá a socaṁal ann Sion, agus ċuirios a ndóiġ a sliaḃ Ṡamáriah, noċ dá ngoirṫear tóġa na ccineaḋaċ, ċum a ttáinic tiġ Israel!


Annsin áṫroċus a inntinn, agus raċfuiḋ sé ṫairis anonn, agus cinteoċuiḋ sé, ag cur a ċuṁaċta a leiṫ a ḋé fein.


Agus atáim ró ḟeargaċ ris na geintiḃ atá go súaiṁneaċ: oir ní raiḃ aċ fearg ḃeag orum, agus do ċuidiġeadarsan a naindeisi do ḋul ar a haġaiḋ.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; A ndiáiġ na glóire do ċuir sé misi ċum na ccineaḋaċ do ċreaċ siḃsi: óir an té ḃeanas riḃsi beanuiḋ sé ré mogal a ṡúlsan.


A nuile ċuid is fearr do nola agus a nuile ċuid is fearr don nfíon, agus don ċruiṫneaċd, a gcéadṫoraḋ sin noċ ofráiltid don TIĠEARNA, ṫug mé íad sin duitsi.


Oír má atáid na céadṫórrṫa náomṫa, atá an ċuid eile náoṁṫa mar an gcéudna: agus má atá an ḟréaṁ náoṁṫa, atáid na géuga leis.


Agus do neagluis atá iona dtiġ. Fáiltiġiḋ do Epénetus as ionṁuin liomsa, agar ab é céudṫoraḋ na Haċaíá a Gcríosd.


Aṁuil do ṫóġ sé sinn annsan, sul do ċrúṫuiġeaḋ an dóṁan, ionnus go mbéimís náoṁṫa agus neiṁċiontaċ ḋá laṫairsion a ngráḋ:


Oír is pobal náoṁṫa ṫú don TIĠEARNA do Ḋía, agus do ṫoġ an TIĠEARNA ṫú ċum ḃeiṫ ad ṗobul áiriġ aige féin, tar gaċ uile ċineaḋ dá ḃfuil ar an ttaluṁ.


Agus go ndéana sé árd ṫú ós cionn a nuile ċineaḋ noċ do rinne sé, a molaḋ, agus a nainm, agus a nonóir; agus go maḋ héidir leaċd ḃeiṫ mar ṗobal naoṁṫa ag do ṪIĠEARNA Día, már a duḃairt sé.


¶ Oír is pobal naoṁṫa don TIĠEARNA do Ḋía ṫusa: do ṫoġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú ċum ḃeiṫ na ṗobal áiriġ aige féin, ós cíonn gaċ uile ṗobail da ḃfuil ar aġuiḋ na talṁan.


As dá ṫoil féin do aiṫġin sé sinne ré bréiṫir na fírinne, ċum ḃeiṫ ḋúinn ar gcéud tórṫuiḃ ḋá ċreatúraiḃsion.


Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.


A síad so an dream nár salċaḋ ré mnáiḃ; óir as óġa íad. A síad so an dream leanas an Túan giḋ bé hionad a dtéid. Atáid siad ar na gceannaċ as meaḋón na ndaóineaḋ, na ccéudṫórṫa do Ḋía agus do Núan.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ