Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 2:2
39 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Is minic do ḃuáiḋreadar mé óm óige, abraḋ Israel a nois:


Agus do ċonnairc Israel a nobair ṁór sin do rinne an TIĠEARNA ar na Hégiptiḃ: agus do ḃi eagla an TIĠEARNA ar an bpobal, agus do ċreideadar an TIĠEARNA, agus a ṡerḃíseaċ Maóise.


Agus a duḃairt Maóise, Bíaiḋ an ní marso, a nuáir do ḃeura an TIĠEARNA ḋiḃ tráṫnóna féóil re iṫe, agus ar maidin arán ḃur sáiṫ; do ċionn go gcluin an TIĠEARNA ḃur munḃar noċ do niṫí do ṁunḃar na aġuiḋ: óir cioḋ sinne? ní ar naġuiḋne atáid ḃur munḃar, aċd a naġuiḋ an TIĠEARNA.


Eíġiḋ a neagna amuiġ; léigiḋ sí amaċ a guṫ annsna sráidiḃ:


Eírġiḋe amaċ, a inġeana Sion, agus féuċaiḋ aír an ríġ Solaṁ gona ċoróin ler ċoróiniġ a ṁaṫair é a ló a ḋála, agus a ló ġáirdeaċuis a ċroiḋe.


¶ Cia hé so ṫig as an ḃfásaċ aṁuil pileuruiḃ deatuiġe, deaġḃolaiḋ le mirr agus lé túis, le huile ṗúdar an ċeannuiġṫe?


Eiġ go hárd, ná coigil, tóig súas do ġuṫ aṁuil stoc, agus taisbeain don ṗobal a sáruġaḋ, agus do ṫiġ Iácob a bpeacuiḋe.


Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Fúagair na bríaṫraso uile a ccaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Eistiġsi bríaṫra an ċunnarṫaso, agus déunuiḋ íad.


Agus imṫiġ amaċ go gleann ṁic Hinnom, noċ atá aig dul a steaċ an ġeata ṡoir? agus fúagair annsin na bríaṫra inneosas misi ḋuit;


Tuilleaṁ fós, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA ċugamsa, ġa ráḋ,


Agus ní dúḃradar, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA noċ ṫug a níos sinn ó ċriċ na Hégipte, do ṫréoruiġ sinn ṫrid an dioṫraṁ, agus tré ḟearann bán fásuiġ, agus tre ṫir ṫarta, agus scáile an ḃáis, tré ḟearann naċ ar ġaḃ aonduine ṫríd, agus naċ ar áitreiḃ aonduine.


Naċ éiġfiḋ tú órumsa ó nuairsi amaċ, Mo aṫair, is tú tréoruiġṫeóir móige?


Seas a ngeata ṫiġe an TIĠEARNA, agus fúagair an ráḋso annsin, agus abair, Eistiġsi bríaṫar an TIĠEARNA, a Iúdah uile, ṫigios a steaċ annsna geataḋuiḃsi daḋraḋ an TIĠEARNA.


Agus níor ċuiṁniġ tú láeṫe hóige ann do uile ġráineaṁlaċtaiḃ agus stríopaċasaiḃ, an tan do ḃí tú tárnoċt agus lom, agus do ḃí tú ar do ṫruáilleaḋ an ṫfuil.


¶ Ṫairis sin cuiṁneoċa mé mo ċunnraḋ riotsa a láeṫiḃ hóige, agus daingneoċa mé cunnraḋ síorruiḋe riot.


Anois an tan do ġaḃ mé láiṁ riot, agus daṁairc mé ort, féuċ, do bé haimsir aimsir ġráḋa; agus do leaṫnuiġ mé mo sciorta ṫort, agus dfoluiġ mé do ṫárnoċtuiġ: fós ṫug mé mionna ḋuit, agus do ċuáiḋ mé a cunnraḋ riot, a deir an Tiġearna DIA, agus do buḋ liomsa ṫú.


Giḋeaḋ do ṁéaduiġ sisi a stríopaċus, a ngaírm láeṫe a hóige ċum cuiṁne, ann a ndéarna sí meirdreaċus a ccríċ na Hegipte.


Agus rinneadar stríopaċus annsa Négipt; do rinneadar stríopaċus iona nóige: annsin do brúiġeaḋ a gcíċe, agus annsin do ḃrúiġeadar cíoċa a maiġdíonuis.


Ní mó dfág sí a stríopaċus ón Négipt: óir do luiġeadar lé iona haóis óig, agus do ḃrúiġeadar cíċe a maiġdionuis, agus do ḋóirtiodar a stríopaċus uirre.


An tan do ḃí Israel na leanaṁ, annsin dob ionṁuin liom é, agus do ġoir mé mo ṁac amaċ as an Négipt.


Agus do ḃéara mé gárraḋa a fíneaṁna ḋí as sin, agus gleann Aċor mar ḋorus dóṫċuis: agus do ḋéana sí céol annsin, mar a láeṫiḃ a hóige, agus aṁuil an lá ṫánic sí súas amaċ as criċ na Hégipte.


Oír do ḃéara mé anmanna Ḃaalim amaċ as a béul, agus ní cuiṁneoċṫar as a nainm ní is mó íad.


Agus leanfa sí a ndiáiġ a háosgráḋ, aċt ni ḃéara sí orra; agus iarrfuiḋ sí íad, aċt ní ḃfuiġe sí íad: annsin a déara sí, Imeoċa mé agus fillfiḋ mé ċum mo ċéidḟir; óir do bfeárr do ḃáḋ agam a núair sin ná a nois.


Cuir an stoc ċum dó ḃéil. Tiucfuiḋ sé aṁuil iolar a naġaiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡáruiġeadar mo ċunnraḋ, agus gur ċiontuiġeadar a naġaiḋ mo ḋliġe.


Fúair mé Israel aṁuil grápuiḋe annsa ḃfásaċ; do ċonnairc mé ḃur naiṫre aṁuil an ċéad abuiḋ annsa ċrann fíge iona ċéad aimsir: aċt do ċúadar go Baal‐peor, agus do ḋealċadar íad féin ċum na náire sin; agus do ḃádar a ngráineaṁlaċda amuil mar do ġráḋuiġeadar.


Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, agus déana coṁairc na haġaiḋ: óir ṫáinic a ccionta súas dom laṫairsi.


Gioḋ bé agá ḃfuil clúasa ċum éisdeaċda, eisdeaḋ sé.


Agus a duḃairt óglaċ áiriġe don tslúaġ ris, A Ṁaiġisdír, abair rem ḋearḃraṫair, a noiġreaċd do rionn rium.


Oír do ḃeannuiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa ann uile oibreaċ do láiṁe: atá fios ḃur naistier aige ṫríd an ḃfásaċ ṁórsa: do ḃi an TIĠEARNA do Ḋía an dá ḟiċṫid blíaḋanso maille riot; ní raiḃ easḃaiḋ ar biṫ ort.


Is eaḋ, do ġráḋuiġ se an pobal; atáid a naóiṁ uile ad láiṁ: agus do ṡuiġeádar síos ag do ċosuiḃ; glacfuiḋ gaċ éanduine dod ḃríaṫruiḃ.


Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.


A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.


Giḋeaḋ atá agum a táḋuiġ, gur ṫréig tú do ċéudġráḋ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ