Annsa namsin féin do laḃair an TIĠEARNA tre Isaiah ṁac Amos, ġa ráḋ, Imṫiġ agus scaóil an saicéadaċ ó a ttimċioll do leasruiġ, agus cuir do ḃróg dot ċois. Agus do rinne sé sin, ag siuḃal noċtuiġ agus lomċosaċ.
Aċt da seasaidis ann mo ċoṁairlesi, agus go ttiuḃraidís ar mo ḋaóiniḃ mo ḃriaṫra déisteaċd, annsin dfillfedis íad ó na ndroiċsliġe, agus ó uilc a ngníoṁ.
Agus ar mbeiṫ do Ṡául ar criṫ agus lán dúaṫḃas a duḃairt sé, A Ṫiġearna, créud is áil leaċd do ḋéunaṁ ḋaṁ? Agus a duḃairt an Tiġearna ris, Eiriḋ, agus imṫiġ a sdeaċ don ċaṫruiġ, agus foillséoċar ḋuit créud is cóir ḋuit a ḋéunaṁ.