Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 17:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Oír biáiḋ sé cosṁuil ris an ḃfráoċ annsa ḃfasaċ, agus ní ḟaicfiḋ sé a nuáir ṫiucfas maiṫ; aċt áiteoċuiḋ sé na háite dóite annsa ḃfásaċ, a ḃfearann ṡailte agus gan áitreaḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 17:6
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ann sin tiġearna ar léig an ríġ a ċeann air a láiṁ do ḟreagair sé doglaċ Dé, agus a duḃairt, Féuċ, dá ndéarnaḋ an TIĠEARNA fuinnéoga ar ḟlaiṫeaṁnus, nar ḃféidir an nise ḃeiṫ mar so? Agus a duḃairt seision, Féuċ, do ċinḋ tusa led ṡúiliḃ é, aċd ní íosa tú éinní ḋé.


Ni ḟaicfiḋ sé na haiḃne, na sroṫa, na sruṫáin ṁeala agus ime.


Dá ndéarna mé a ṫiġ do nfásaċ, agus an fearann díosg a áitreaḃ.


Ní mairsin do na míoċráiḃṫiġ: aċt atáid cosṁuil ris an lóċán noċ sgabus an gáoṫ.


Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann.


A nuáir ḟásaid na ciontaiḋ mar an ḃféur, agus ḃláiṫiġid uile luċt oibriġṫe na hurċóide; is annsin scriostar íad go síorruiḋe:


Oír beiṫi mar ḋaruiġ ar ċríon a duille, agus mar ġáirdín ag naċ bí uisge.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Féuċ, diġeola mé ar Ṡemaiah an Nehelamiteaċ, agus air a ṡlioċd na ḋiáiġ: ní ḃiáiḋ duine aige áitreoḃus a measc na ndaóinesi; ní mó ċífiḋ sé an ṁaiṫ do ḋéana mé air mo ṗobal, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ṫeagaisg sé cogaḋ a nagaiḋ an TIĠEARNA.


Teiṫiḋ, sáḃáluiġ ḃur nanmanna, agus bíṫí cosṁuil ris an ḃfráoċ ann sa ḃfasaċ.


Aċt ní leiġeostar a áite lábáin sin agus a áite uisgeaṁla; do ḃéarṫar do ḋéanaṁ ṡalainn íad.


Uimesin fa mar ṁairim, a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel, Go deiṁin biaiḋ Móab mar Ṡodom, agus clann Ammon mar Ġomorrah, eaḋon na maṫair neantog, agus na poll salumn, agus na háonranaċd ṡiórruiḋe: millfiḋ íarḋráoi mo ḋaóine íad, agus sealḃoċuid íarsma mo ḋaóine íad.


Agus gur ruiḃ agus salann, agus loscaḋ a ḟearann uile, go naċ ccuirfiġear í, agus naċ ttiuḃra toraḋ, no naċ ḃfásann luiḃ ar biṫ uirre, do réir ṁillte Ṡodom, agus Ġomorrah, Admah, agus Ṡeboim, noċ do ṁill an TIĠEARNA iona ḟeirg, agus íona ḋioġultas:


Agus do ċaṫáiġ Abimeleċ a naġaiḋ na caiṫreaċ ar feaḋ an laói sin; agus do ġlac an ċaṫair, agus do ṁarḃ na daoine do ḃí anu, agus do ḃris sé síos an ċaṫair, agus do ṡíolċuir sé í le salann.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ