Agus rug sé leis as sin ionnṁus ṫiġe an TIĠEARNA uile, agus ionnṁus ṫiġe an ríġ, agus do ġéarr sé na mbloḋuiḃ a nuile ṡoiṫeaċ óir do rinne Solaṁ ríġ Israel a tteampall an TIĠEARNA, mar a duḃairt an TIĠEARNA.
Leis so ar a náḋḃarsin glanfuiġṫear éigceart Iácob; agus isé so uile ṫoraḋ do ċur a ṗeacaiḋ ar ccúll; a núair do ḋéana sé cloċa na haltóra uile aṁuil cloċa cailce noċ ḃristior ó ċéile, ní ṡeasfuid na garráin nó na hioṁáiġe súas.
Ṫangadar sgriosdóiriḋe ar gaċ uile áit áird ar feaḋ a nfásuiġ: óir sliugfiḋ cloiḋeaṁ an TIĠEARNA ó aóinċionn don dúṫaiġ go nuige an ccionn oile don dúṫaiġ: ní ḃfuiġe feóil ar biṫ síoṫċáin.
Seaċóduiġ mé fós neart na caiṫreaċso uile, agus a huile ṡáoṫar, agus a huile neiṫe mórluáiġ, agus uile ionnṁus ríġ Iúdah do ḃéara mé a láiṁ a náṁad, noċ ċreaċfus íad, agus ġlacfus íad, agus ḃéarus léo don Ḃabilóin íad.
Féuċ, atáim ad aġaiḋ, a áitreaḃuiġ an ġleanna, agus ċairge an réitiġ a deir an TIĠEARNA; noċ a deir, Cía ṫiucfas a núas ar naġaiḋ? nó cía raċus ann ar ttiġṫiḃ?
Do ṫairrġir Micah an Morasíteaċ a laéṫiḃ Heseciah ríġ Iúdah, agus do laḃair sé ré muinntir Iúdah uile, ġa ráḋ, Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Treaḃṫaċar Sion aṁuil maċaire, agus do ḋéantar caírn do Ierusalem, agus slíaḃ an tiġe mar áitiḃ arda na foraoise.
Do leaṫnuiġ an náṁaid a láṁ amaċ ar a huile neiṫiḃ sólasaċa: óir do ċonnairc sí go ndeaċadar na geinte a steaċ dá sanctóra, noċ dar aiṫin tú naċ ttiucfaidis a steaċ ann do ċoṁċruinniuġaḋ.
Agus fós do ḃéara mé ṫusa iona láiṁ, agus teilgfid síad síos háit oirḋeirc, agus brisfid síad síos háite árda: noċtfuid síad ṫú fós as héadaċ, agus béaruid leó do ṡeóid, agus fúigfid tárnoċtuiġ agus lom ṫú.
Agus abair, Siḃsi a ṡléiḃte Israel, éistiġ bríaṫar an Tiġearna DIA, Is marso a deir an Tiġearna DIA ris na sléiḃtiḃ, agus ris na cnocaiḃ, ris na sroṫaiḃ, agus ris na gleantuiḃ; Féuċ, do ḃéara Misi, Misi fein, cloiḋeaṁ oruiḃ, agus millfiḋ mé ḃur náite árda.
Agus scríosfa misi ḃur náite árda, agus gearrfa mé síos ḃur níoṁaiġe, agus teilgfe mé ḃur gconablaċ ar ċonablaċuiḃ ḃur nioḋal, agus fuaiṫeoċuiḋ manam siḃ.
Uimesin do ḋéantar éadáil dá maóin, agus fásaċ dá ttiġṫiḃ: cuirfid fós tiġṫe súas, aċt ní áitreoċuid ionta; agus plainndeoċuid fineaṁua, aċt ní ioḃuid a fíon sin.