Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 16:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Oír is marso a deir an TIĠEARNA a ttáoḃ na mac, agus a ttáoḃ na ninġean béarṫar annsa náitsi, agus a ttáoḃ a maiṫreaċ noċ do rug íad, agus a ttáoḃ a naiṫreaċ do ġein íad ann sa duṫaiġsi;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 16:3
6 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Atáid a mbaintreaḃṫaċa ar na ḃfoirlíonaḋ ḋaṁ ós cionn ġainiṁ na fairge: ṫug mé millteóir orra a naġaiḋ ṁaṫar na nogánaċ, san meaḋón laói: ṫug mé air tuitim go hobann uirre, agus criṫeaglaċa ar na ccaṫruiġ.


Ní ṫiúḃra tú bean ċugad, ní mó ḃiáid mic nó inġeana agad san náitsi.


Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Ná héiriġ a steaċ a ttiġ na cuṁa, agus ná héiriġ dá ccaói nó dá ttrúaiġṁéile: óir do ṫóg misi mo ṡíoṫċáin ón bpobalso, a deir an TIĠEARNA, trócaire agus grása.


Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé fa deara do ċosc as a náitsi ann ḃur raḋarc, agus ann ḃur láeṫiḃ, gúṫ an tsúgarṫa, agus gúṫ na lúaṫġáire, gúṫ a nfir núaḋṗósta, agus gúṫ na mná núaḋṗósta.


Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, cuirfiḋ mé cip ṫuisliġṫe roiṁe an bpobalso, agus tuitfid na haiṫre agus na mic a néinḟeaċd orra; sgriosfuiġear an ċoṁarsa agus a ċara.


Laḃair re tiġ Israel, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, truáilleoċa misi mo ṡanctóir, oirḋearcus ḃur neirtesi, fonn ḃur súl, agus an ní is trúaġ lé ḃur ccroiḋe; agus ḃur mic agus ḃur ninġeana noċ do ḟágaḃair tuitfid leis an ccloiḋeaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ