Ah a ċineaḋ ṗeacaċ, pobal trom lé héigceart, síol daóine míġníoṁaċ, clann atá na millteaċaiḃ: do ṫréigeadar an TIĠEARNA, do ḃrostuiġeadar an Táon Náoṁṫa Israel ċum feirge, do imṫiġeadar rompa ar a ccúl.
Aċt do bé focal an TIĠEARNA ríu aiṫne air aiṫne, aiṫne air aiṫne; líne air líne, líne air líne; annso beagán, agus annsúd beagán; ċor go nimeoċaidís, agus go ttiucfaidís ar a nais, agus go mbeidís briste, agus ar na bpaintéuraḋ, agus gaḃṫa.
Anois is daóine na Hégiptiġ, agus ni Día; agus is feóil a neiċ, agus ní spiorad. A nuáir ṡíntios an TIĠEARNA a láṁ amaċ, tuitfiḋ aráon án té ċuidiġios, agus tuittiḋ síos an té ré ccuidiġṫior, agus failleoċuid siad nile a néainḟeaċd.
Agus foíllseoċuiḋ mé mo ḃreiṫeaṁnus na naġaiḋ a ttáoḃ a nuile olc, noċ do ṫréig misi, agus do loisc túis do ḋéeiḃ oile, agus do aḋair oibreaċa a láṁ féin.
Agus géaḃa mé ḋíoḃ féin fa ċéile, eaḋon na haiṫre agus na mic a naóinḟeaċt, a deir an TIĠEARNA: ní ḃía truáiġe agam, ní ċoigeola mé, ní ḋéan trócaire, aċt scriosfa mé íad.
Oír ḋá olc do rinneadar mo ḋaóinesi; do ṫréigeadar misi tobar na nuisgeaḋ mbéo, agus do ṫoċladar ḋóiḃ féin tiubruide, tiubruide briste naċ ccongṁann uisge.
Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.
Ann sin a duḃairt mé, Ní ṫiucfa mé ṫairis, agus ni laiḃéora mé ní sá ṁó iona ainm. Aċt do ḃí a ḟocal am ċroiḋe aṁuil teine loisgneaċ íaḋta súas am ċnáṁuiḃ, agus do ḃí mé coirṫe le hiomċar, agus níor ḟéud mé fuireaċ.
Iondus nar ḟéad an TIĠEARNA iomċar ni buḋ faide, do ḃríġ uilc ḃur ngníoṁsa, agus do ḃríġ na ngráineaṁleaċd do rinneaḃair; uimesin atá ḃur ttír na fásaċ, agus na húaṫḃás, agus na malluġaḋ, gan áitreaḃṫaċ, mar atá a niuġ.
Uimesin atáim lán dfeirg an TIĠEARNA; atáim coirṫe do ḃeiṫ am ṫoċt: dóirtfiḋ mé amaċ í ar an cclainn a muiġ, agus ar oireaċtus na ndaóine óg a naóinḟeaċt: óir géuḃṫar an fear agus fós an ḃean, an táosta maille ris an tí ḃíos lán do láeṫiḃ.
Agus iompoċṫar a ttiġe ċum daoine oile, maille re na ḃfearann agus le na mnáiḃ aráon: óir sínfiḋ mé mo láṁ amaċ ar ḋúṫċusaiḃ na tíre, a deir an TIĠEARNA.
Eíst, a ṫaluiṁ: féuċ, do ḃéara mé olc ar an muinntirsi, eaḋon toraḋ a smúaintiġe, do ḃríġ nár éisteadar rem ḃríaṫruiḃ, nó rem ḋliġeaḋ, aċt a tarcuisniuġaḋ.
Aċt níor éistiodar, ní mó do ċláonadar a ccluás, aċt do ṡiúḃladar a ccoṁairleaċaiḃ agus a neasurraim a ndroċċroiḋe féin, agus do ċúadar ar a ccúl, agus ní air a naġaiḋ.
Agus má ḃíonn an fáiġ meallta an tan laiḃeora sé an ní, is misi an TIĠEARNA do ṁeall an fáiġ sin, agus sínfe mé mo láṁ amaċ air, agus scriosfa mé é as lár mo ṗobail Israel.
Féuċ, uimesin sínfiḋ misi mo láṁ amaċ ort, agus seaċoduiġ mé mar éadáil do na geintiḃ ṫú; agus géarrfa mé amaċ as an bpobal ṫú, agus do ḃéara mé ort dioġḃaḋ amaċ as na tíorṫaiḃ: agus scriosfuiḋ mé ṫú; agus aiṫeona tú gur misi an TIĠEARNA.
Agus abair ris, Is marso a deir an Tiġearna DIA; Féuċ, a ṡleiḃ Ṡeir, misi ad aġuiḋ, agus sínfiḋ mé mo láiṁ amaċ ad aġaiḋ, agus do ḋéana mé ro aonránaċ ṫú.
Fuáisceola mé íad ó ċuṁaċdaiḃ na huáiġe; fuáisceola mé íad ón mbás: Oh a ḃáis, biáiḋ misi am ṗláiġ ḋuit; Oh a uáiġ, biáiḋ mé am scrios duit: foileoċṫar aiṫreaċus óm ṡúiliḃ.
Sínfiḋ mé mar an ccéadna mo láṁ amaċ air Iúdah, agus air uile áitreaḃaċ Ierusalem; agus géarrfa mé amaċ íarsma Ḃaal as a náitsi, agus ainm na Ċemariteaċ maille ris na sagartaiḃ;