Mar atá Ierusalem, agus caiṫreaċa Iúdah, agus a ríġṫesin, agus a prionnsuiḋe, do ḋéanaṁ fásaiġ ḋíoḃ, agus úaṫḃáis, agus magaiḋ, agus malluiġṫe; mar atá a niuġ;
Oír do ċuir an TIĠEARNA oirḋearcus Iácob ar ccúl, mar oirḋearcus Israel: óir do ḟolṁuiġeadar luċt a nfolṁuiġṫe íad amaċ, agus do ṁilleadar a mbeangáin fíneaṁna.
Annsa ló sin ní ḃiáiḋ náire ort ar son huile gníoṁ, ionar ṡáruiġ tú am aġuiḋsi: óir annsin do ḃéara me amaċ as do lár an ṁéid ġáirdiġios ann húaḃar, agus ní ḃiáiḋ tú uáiḃreaċ ni is mó do ḃríġ mo ṡléiḃte náoṁṫasa.
Mar an gcéudna, a ḋaóine óga, tuguiḋ úṁlaḋ do na sinnsearuiḃ. Agus bíġiḋ uile úṁal dá ċéile, déunuiḋ siḃ féin deaġṁaiseaċ don táoḃ a stiġ ó úṁlaċd inntinne: óir cuiriḋ Día a naġuiḋ na nuáiḃreaċ agus do ḃeir grása do núṁal.