Annsa namsin féin do laḃair an TIĠEARNA tre Isaiah ṁac Amos, ġa ráḋ, Imṫiġ agus scaóil an saicéadaċ ó a ttimċioll do leasruiġ, agus cuir do ḃróg dot ċois. Agus do rinne sé sin, ag siuḃal noċtuiġ agus lomċosaċ.
Aċt ṫusa, a ṁic an duine, cluin cred a déara misi riot; Na bíḋ easuṁal cosṁuil ris an ttiġ easuṁal sin: foscuil do ḃéul, agus iṫ an ní ḃéaras misi ḋuit.
Agus a sí culuíġ do ḃí uime Eóin éadaċ do rúaiḋneaċ ċáṁall, agus crios leaṫair a ttimċeall a leasruiġ: agus a sé do buḋ bíaḋ ḋó lócuiste agus mil ḟiáin.