3 Agus aḃairsi ríu, Is marso a deir an TIĠEARNA Día Israel; Go maḋ malluiġṫe an té naċ nuṁluiġionn do ḃríaṫraiḃ an ċunnarṫasa,
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA; Go maḋ malluiġṫe an fear ḋoṫċusuiġios a nduine, agus do ní a neart dfeóil, agus agá nimṫiġionn a ċroiḋe ón TIĠEARNA.
Annsin freagoruid síad, Do ḃríġ gur ṫréigiodar cunnraḋ an TIĠEARNA a Ndía, agus gur aḋradar dée oile, agus go ndéarnadar seirḃís dóiḃ.
Ní do réir an ċunnarṫa do rinne mé re ná naiṫriḃ annsa ló ar ġlac mé ar láiṁ íad da ttaḃairt amaċ as críċ na Hégipte; do ḃríġ gur ḃrisiodar mo ċunnraḋ, ma tá go raiḃ mé am ḟear tiġe ḋóiḃ, a deir an TIĠEARNA:
Go maḋ malluiġṫe an té do ní oibreaċa an TIĠEARNA go meaḃlaċ, agus go maḋ malluiġṫe an té ċoinneoċus a ċloiḋeaṁ ar ais ó ḟuil.
Go ma malluiġ an té naċ daingneoċa bríaṫra an dlíġesi uile da ccoiṁlíonaḋ. Agus déara an pobal uile, Amén.