9 Túgaḋ airgiod ar na leaṫnúġaḋ amaċ ó Ṫarsis, agus ór ó Uṗas, obair a nfir oibre, agus láiṁe an ċéard óir: gorm agus dearg a néaduiġe: is oibreaċa láṁ ḋaoine críonna íad uile.
Oír do ḃí ag an ríġ ar fairge coḃlaċ Ṫarsis maille re coḃlaċ Híram: éanuáir annsna trí blíaḋnaiḃ do ṫigeaḋ coḃlaċ Ṫarsis, ag taḃairt óir, agus airgid, agus ḟíacal Eleṗant, agus Appaḋ, agus ṗéacóg.
Oír do ċuádar lóingios an ríġ go Tarsis le muinntir Háram: áonuair sna trí blíaḋnuiḃ do ṫigdis loingeas Ṫarsis ag taḃairt óir leó, agus airgid, ioṁóg, agus ainḃeartuiġe, agus ṗeacóg.
Do buḋ línéaḋaċ mín maille ré hobair ḃróidnéireaċda ó Négipt do leaṫnuiġ tú amaċ do ḃeiṫ na ṡeól agad; an ní dfoluiġ tú ba gorm agus dearg é ó oiléanuiḃ Elisah.
Aċt deiriġ Iónah súas do ṫeiṫeaṁ go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do ḋíol sé ar son a ḃeirṫe ṫairis, agus do ċuáiḋ innte síos, do ḋul leó go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA.
A ṁairg don tí a deir ris an maide, Múscail; ris an ccloiċ mbalḃ, Eiriġ, teagoscúidb sí? Féuċ, do córuġaḋ í air fad dór agus dairgiod, agus ní ḃfuil anál ar áonċor iona lár.