An gaḃa gun a ṫeanċoir oibriġ sé aráon annsa ġúal, agus cumaiḋ sé é lé hórduiḃ, agus oibriġ sé é le neart a láṁ: fós, bí sé ocraċ, agus failliġ a neart: ní iḃionn sé uisge, agus bí sé lag.
Dóirtiḋ síad ór go fairsing as an mála, agus coṁṫromaid airgiod ansa meaḋ, agus fostuiġid céard óir; agus do ní sé día ḋe sin: uṁluiġid síad sios, aḋruid, fós.
Iomċraiḋ síad air a nguáilliḃ é, iomċraid é, agus suiġid é iona áit, agus seasuiḋ sé; ní ċorroċa sé as a áit: fós, goirfiḋ duine air, giḋeaḋ ní ḟéadann sé freagra, nó an té sin do ṫárṫáil ó ná ḃuáiḋreaḋ.
Agus anois peacuiġid síad ní is mó agus ní is mó, agus do rinneadar ioṁáiġe leaġṫa dá nairgiod, agus ioḋail do réir a ttuicsiona féin, íad uile oibreaċa na ḃfear ceirde: a deirid dá ttáoḃsan, Na daóine ioḋbras pógaidís na laóiġ.
A ṁairg don tí a deir ris an maide, Múscail; ris an ccloiċ mbalḃ, Eiriġ, teagoscúidb sí? Féuċ, do córuġaḋ í air fad dór agus dairgiod, agus ní ḃfuil anál ar áonċor iona lár.