2 Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná foġlomuiġ sliġe na ngeinteaḋ, agus ná bíoḋ anḃuáin oruiḃ fa ċoṁarṫuiḃ neiṁe; óir atáid na geinte anḃuáineaċ ṫríoṫa sin.
Agus a duḃairt Día, Bíoḋ loċrainn a ḃfiormament neiṁe do roinn eidir an lá agus a noiḋċe; agus bídís ar son ċoṁarṫaiḃ, agus ar son aimsearuiḃ, agus ar son laiṫiḃ, agus bliaġnuiḃ:
Agus an ní ṫiucfas ann ḃur meanmuin ní ḃiáiḋ mar sin ar éanċor, mar a dearṫaóise, Bíamne mar na geintiḃ, aṁuil muinnteara na ttíorṫann dfoġnaṁ do ċrannuiḃ agus do ċloċuiḃ.
Ní ḋéantáoi do réir gníoṁarṫa ċriċe na Hégipte, mar ar áitiġeaḃair: agus do réir oibreaċ ṫíre Cánaain, iona ḃfuilim ḋá ḃur ttaḃairt, ní ḋéantáoisi: ní mó imeoċṫáoi lé na nórduiġṫiḃ.
Agus a duḃairt mé riḃ, Is misi ḃur TTIĠEARNA Día; ná bioḋ eagla deé na Namoríteaċ oruiḃ, aga ḃtuiltí ḃur ccoṁnuiġe iona ndúiṫċe: aċ níor uṁluiġeaḃair dom ġlór.