¶ Ṫug an Tiġearna DIA ḋaṁsa teanga na ndáoine foġlomṫa, go mbeiṫ a ḟios agam ciondus do laiḃeoruinn focal a nam ris an té ḃíos coirṫe: múscluiḋ sé ó ṁaidin go maidin, múscluiḋ sé mo ċluás do ċluinsion mar a néagnuiḋe.
Agus do ċuir misi mó ḃríaṫar ad ḃéul, agus dfoluiġ mé ṫú ar scáile mo láiṁe, ċor go bplainndeoċuinn na neaṁa, agus go suiġfinn bunáite na talṁan, agus go naibeorúinn, re Sion, Is tú mo ṗobal.
Ar mo ṡonsa, isé so mo ċunnraḋ ríu, a deir an TIĠEARNA; Mo spiorad noċ atá ortsa, agus mo ḃríaṫra do ċuir mé ann do ḃéul, ní ḋeileoċuid ré do ḃéul, no re béul do ṡíl, nó re béul síl do ṡíl, a deir an TIĠEARNA, ó so amaċ agus go bráṫ.
¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.
Glac ṫusa rola leaḃair, agus scríoḃ ann na huile ḃriaṫra dar laḃair misi riot a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, agus a naġaiḋ na nuile ċineaḋ, ón ló far laḃair mé riot, ó laéṫiḃ Iosiah, gus a niuġ.
Uimesin is marso a deir an Tiġearna DIA na slóġ, Do ḃriġ go laḃarṫaói an focalso, féuċ, do ḋéana misi mfocal ann do ḃéul na ṫeine, agus an pobalso na cconnaḋ, agus loisgfiḋ sé íad.
Agus, féuċ, do ḃean áon cosṁuil re saṁuil ṁac na ndaóine rem ṗúsuiḃ: annsin dfoscuil mé mo ḃéul, agus do laḃair me, agus a dúḃairt me ris an té do ṡeas am ḟiaḋnuisi, O mo ṫiġearna, dfilliodar mo ḋoilġiosa orum leis an ḃfis, agus níor ċonnaiṁ mé neart ar bioṫ.
Aċd an tan do ḃéaraid síad úaṫa a láiṁ siḃ, na bíoḋ na roċás oruiḃ cionnas no créd laiḃéorṫáoi: óir do ḃéarṫar ḋáoiḃ ar a núarsin féin an ní laiḃéorṫáoi.
Do réir a nuile neiṫe dar íarr tú ar do ṪIĠEARNA Día ann Horeb a ló an ċoṁċruinniġe, ġá ráḋ, Ná cluinim a rís guṫ mo ṪIĠEARNA Dé, agus ná faicim an teiniḋ róṁorso ní ís mó, ċor naċ ḃfuiġe mé bás.
Tóigfe misi ḋóiḃ Fáiġ amaċ as a ndearḃráiṫriḃ féin, buḋ cosṁuil riotsa, agus cuirfe mé mo ḃríaṫra ann a ḃéul; agus laiḃeoruiḋ sé ríu a nuile ní dá naiṫeonadsa ḋe.