Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Ieremiah 1:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Aċt a duḃairt an TIĠEARNA liom, Ná habair, is leanaḃ mé: óir raċa tú ċum gaċ neiṫe gus a ccuirfiḋ misi ṫú, agus giḋ bé ní aiṫeonas mé ḋíot déara tú é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Ieremiah 1:7
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinic Día go Bálaam sa noiḋċe, agus a duḃairt ris, Má ṫigid na dáoine dod ġairm, éirgiḋ súas, agus imṫiġ leó; giḋeaḋ an focál a déara misi riot, go maḋ é sin ḋéanas tú.


Agus teaguisgiḋ íad gaċ uile ní dár, aiṫín misi ḋiḃ do ċoiṁéud: agus, féuċ, a táimsi ḃur ḃfoċair gaċ éinla go deireaḋ an tsaoġail. Amen.


Aċt an tan laiḃéorus misi riot, foisceola mé do ḃéul, agus a déara tú ríu, Is marso a deir an Tiġearna DIA; An té ċluineas, cluineaḋ sé; agus an té sguirios, sguireaḋ se; óir is tiġ easuṁal íad.


Agus a dúḃairt Micaiah, Mar ṁairios an TIĠEARNA, giḋ bé ar biṫ a déaras mo Ḋía, isé sin a déaras misi.


Agus a duḃairt Micaiah, Mar ṁairios an TIĠEARNA, giḋ bé déaras an TIĠEARNA riomsa, isé sin laiḃéorad.


Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Féuċ, ṫáinic mé ċugad: an ḃfuil cuṁaċda ar biṫ a nois agam éinní ráḋ? an focal ċuirfios Día am ḃéul, sé sin laiḃeórus mé.


Oír níor ṡeaċain mé coṁairle Dé ḟoillsiuġaḋ ḋíḃ go hiomlán.


Agus anois, a ṪIĠEARNA mo Ḋía, do rinne tú ríġ dot ṡearḃḟoġantuiġ a náit Ḋaiḃi maṫar: agus misi am leanaṁ ḃeag: ní ḟeadair me cionnus do raċuinn amaċ nó do ṫiocfuinn a steaċ.


Uimesin a déara tú na bríaṫraso uile ríu; aċt ní éistfidsion riot: goirfiḋ tú orra mar an ccéadna; aċt ní freagoruid síad ṫú.


Agus laiḃeora tú mo ḃríaṫrasa ríu, má éistid, nó má sguirid: óir atáid ró easuṁal.


Agus do ġlac an TIĠEARNA mé, mar do lean mé an tréud, agus a duḃairt an TIĠEARNA riom, Imṫiġ, tairrġir dom ṗobal Israel.


Gur laḃair an TIĠEARNA ré Maóisé, ag ráḋ, Is misi an TIĠEARNA: laḃair ṫusa ré Ṗárao ríġ na Hégipte gaċ ni dá nabruimse riot.


Is marso a dear an TIĠEARNA, Seas a ccúirt ṫiġe an TIĠEARNA, agus laḃair ré huile ċaiṫreaċaiḃ Iúdah, noċ ṫig go tiġ an TIĠEARNA daḋraḋ, na huile ḃríaṫra aiṫeonus misi ḋíot do laḃairt ríu; na laġduiġ áon ḟocal.


Agus tárla, an tan do ċríoċnuiġ Ieremiah laḃairt ris an bpobal uile ḃríaṫra an TIĠEARNA a Ndía, arson ar ċuir an TIĠEARNA a Ndía ċuca é, eaḋon na bríaṫrasa uile,


Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁórsin, agus seanmóir ḋi an tseanmóir a déara misi riot.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ