3 Ṫáinic mar an gcéadna a láeṫiḃ Iehoiacim ṁic Iosia ríġ Iúdah, go deireaḋ a naóinḃliaḋuin déug Ṡedeciah ṁic Iosiah ríġ Iúdah, go breiṫ Ierusalem ar siuḃal a mbraiġdionas an cúigeaḋ mí.
Agus do rinne Ṗárao‐neċoh ríġ do Eliacim mac Iosiah a náit Iosiah a aṫar, agus ṫug Iehoiacim dainm air, agus rug Iehoahas leis: agus ṫainic don Négipt, agus déug sé annsin.
An ḃriaṫar ṫáinic go Ieremiah ón TTIĠEARNA, a núair do ṫroid Nebuċadnessar ríġ na Babilóine, agus a ṡlúaġ uile, agus rioġaċta an doṁuin uile ḋa ṫiġearnus, agus a nuile ṗobal, a naġaíḋ Ierusalem, agus a naġáiḋ a huile ċaiṫreaċa, ġa ráḋ,
Glac ṫusa rola leaḃair, agus scríoḃ ann na huile ḃriaṫra dar laḃair misi riot a naġaiḋ Israel, agus a naġaiḋ Iúdah, agus a naġaiḋ na nuile ċineaḋ, ón ló far laḃair mé riot, ó laéṫiḃ Iosiah, gus a niuġ.
Laḃair ré huile ṗobal na tíre, agus ris na sagartaiḃ, ag ráḋ, A nuáir do ṫroisgeaḃair agus do ċaóiḋeaḃair annsa ċúigeaḋ agus annsa seaċdṁaḋ mí, eaḋon air feaḋ na seaċtṁoġad blíaḋansin, a ndéarnaḃair éantroscaḋ ar bioṫ ḋuṁsa, eaḋon ar mo ṡonsa?
Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Biáiḋ troscaḋ an ċeaṫraṁaḋ mí, agus troscaḋ an ċúigeaḋ, agus troscaḋ an seaċdmaḋ, agus troscaḋ an deaċṁaḋ, na ġáirdeaċus, agus na lúaṫġáir, agus na ḃféustuiġiḃ suḃaċa do ṫiġ Iúdah; ar a naḋḃarsin gráḋuiġiḋ fírinne agus síoṫċáin.