¶ Agus déiriġ Hosea mac Elah a naġaiḋ Ṗecah ṁic Remaliah, agus do ḃúail sé é, agus do ṁarḃ é, agus do ḃí féin na ríġ na aít, annsa ḃfiṫċiodṁaḋ blíaḋuin do Iótam mac Ussiah.
Aċt do rinne Pecah mac Remaliah, caiptín dá ṁuinntir feín, feall air, agus do ḃúail é a Samária, a bpálás ṫiġe an ríġ, maille re Hargob agus Arieh, agus maille re caogad fear do na Gileaditeaċaiḃ: agus do ṁarḃ sé é, agus do ríoġaiḋ iona ait.
Oir do ċúaiḋ Menahem mac Gádi súas ó Ṫirsah, agus ṫáinic go Samária, agus do ḃúail Sallum mac Iabes a Samária, agus do marḃ é, agus do ḃí na ríġ iona áit.
Do ċuireadar ríġṫe súas, aċt ní maille ríomsa: do rinneadar prionnsaḋa, agus ní raiḃ a ḟios agamsa: do rinneadar ioḋal dóiḃ féin dá nairgiod agus dá nór, ċor go ngeárrfuiḋe amaċ íad.
Agus ní ḃfuil áon ġoireas air mainmse, ċorruiġeas é féin súas do ġaḃáil greama ḋíotsa: óir dfoluiġ tú haġaiḋ oruinn, agus do leaġ tú sinn, ar son ar cciontaḋ.
Agus níor ġoireadar orum le na ccroiḋe, an tan do núalladar orum iona leabuiḋ; do ċruinniġeadar íad féin ċum arḃa agus fíona, agus do níd cogaḋ am aġaiḋsi.
Aṁuil atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaóise, ṫáinic an tolcso uile oruinn, ṫairis sin ní ḋeárnamairne ar nguiḋe a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA ar Ndía, ionnus go bḟillfimís ó ar nolc, agus go ttuigfemís ṫfírinnesi.
Agus díar misi duine iona measc do ḋéanaḋ an fál súas, agus do ṡeasfaḋ annsa mbeirn roṁam ar son na tíre, iondus naċ millfinn í: aċt ní ḟúarus duine ar biṫ.
Agus a duḃairt seision, Glacuiḋ beó íad. Agus do ġlacadar beó íad, agus do ṁarḃadar íád ag log ṫiġe an lomarṫa, días agus dá ḟiṫċiod fear; níor ḟág sé duine ḋíoḃ.
Agus tárla, a núair rugaḋ an litir ċucasan, gur ġaḃadar clann an ríġ, agus gur ṁarḃadar deiṫneaṁar agus trí tiṫċid fear, agus do ċuireadar a ccinn a cclíaḃuiḃ, agus do ċuireadar ċuigesion go Iesreel íad.
Agus a duḃairt seision, Teilgiḋ a núas í. Annsin do ṫeilgeadar siós í: agus do spréiġ cuid dá fuil ar an mballa agus ar na heaċaiḃ: agus do ṡaltair sé fáoi na ċosuiḃ í.
Agus do ṫarruing Iehu boġa le na neart iomlán, agus do ḃúail sé Iehóram idir a riġiḃ, agus do ċuáiḋ án tsoiġead amaċ agá ċroiḋe, agus do ṫuit sé síos iona ċarbad.
Agus tárla, a núair do ċonnaire Simri gur ġaḃaḋ an ċaṫair, go ndeaċaiḋ sé go pálás ṫiġe an ríġ, agus do ċuir sé tiġ an ríġ tre ṫeine ós a ċionn, agus déug sé,
Biáiḋ misi am ríġ agad: cáit a ḃfuil duine ar bioṫ oile ḟéadas do ṡáḃáil ann do ċaiṫreaċaiḃ uile? agus do ḃreiṫeaṁuin do ṫáoiḃ a ndúḃairt tu, Taḃair ḋaṁsa ríġ agus prionnsaḋa?
Aṁairg don druing ṫionnscnas éigceart, agus oibriġios olc air a leabuiḋ! an tan is solus an ṁaidin, cuirid a ngnáṫ é, do ḃríġ go ḃfuil sé a ccuṁaċt a láṁ.
¶ Oír ní ċúaladar daóine ó ṫosaċ an doṁuin, níor ṁoṫuiġeadar leis an ccluáis, ní mó do ċonnairc an tsúil, a Ḋía, taoḃ amuiġ ḋiotsa, an ní dullṁaiġ sé don tí ḟeiṫios air.
Aċt atámaóid uile aṁuil neaṁġlan, agus atáid ar nionnracus uile aṁuil ceirteaċa salċa; agus seargamaoid uile aṁuil duilléog; agus rugadar ar bpeacuiḋ leó sinn cosṁuil ris an ngaóiṫ.