Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.
Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.
Oír íosuid síad, agus ní ḃiáiḋ go lór aca: do ḋéanuid stríopaċuis, agus ní ḟoirlíonfuid síad: do ḃríġ gur léigeadar ḋíoḃ aire do ḃeiṫ aca ar an TIĠEARNA.
¶ Iarruid mo ḋaóine coṁairle air a smotánuiḃ, agus foillsiġiḋ a mbata ḋóiḃ: óir ṫug spiorad an stríopaċuis orra dul air seaċrán, agus do ċúadar do stríopaċus ó ḃeiṫ faói na Ndía.
A ḟíora agus a ṁná a naḋaltrannais, a né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ gur naiṁdeanus a naġuiḋ Dé, cairdeas an tsáoġailse? uime sin giḋ bé ré mían an sáoġal ḃeiṫ na ċaruid aige do ní sé naṁuid Dé ḋe féin.