Agus an teaċdaire do ċuáiḋ do ġairm Ṁicaiah do laḃair sé ris, ga ráḋ, Feúċ a nois, fóillsiġid bríaṫra na ḃfáġ ní maiṫ don ríġ le héinḃéul: guiḋim ṫú, bioḋ ṫfocalsa mar ḟocal duine aca, agus laḃair an ní is maiṫ
Ann sin do ċruinniġ ríġ Israel na fáiġe a gcionn a ċéile, timċioll ċeiṫre ċéud fear, agus a duḃairt riu, An raċa mé a naġaiḋ Rámot‐ġílead do ċur caṫa, nó an léigfiḋ me ḋo? Agus a duḃradarsan, Imṫiġ súas; óir toirḃeora an TIĠEARNA a láiṁ an ríġ í.
Tairġirid na fáiġe go bréagaċ, agus riaġluid na sagairt dá réir sin; agus is ail lem ṗobalsa a ḟaġáil marsin: agus cred do ḋéantaoisi ré deireaḋ na cúise sin?
Oh naċ ḃfuil agum annsa ḃfásaċ ionad cóṁnuiḋe luċt turuis; ċor go ḃfúigfinn mo ḋaoine, agus go nimeoċuinn úaṫa! óir is aḋaltrannuiġ íad uile, agus oireaċdas daóine meaḃlaċ.
¶ Compasuiġ Eṗraim mé fá ccuáirt lé bréaguiḃ, agus tiġ Israel le ceilg: aċt ríaġluiḋ Iúdah fós maille ré Día, agus atá sé ionruic maille leis na náoṁuiḃ.
¶ Oír atá reaċt Omri ar na ċoiṁéad, agus uile oibreaċa ṫiġe Ahab, agus siuḃoluiġ siḃsi iona ccoṁairleaċaiḃ; ċor go ndéanuinnsi fásaċ ḋíot, agus magaḋ dá ḋúṫċusaiḃ: uimesin iomċorṫaói náire mo ṗobail.
¶ Ċor go ndéanuid olc leis an dá láiṁ go diṫċiollaċ, íarruiḋ an prionnsa agus an breiṫioṁ tioḋlacaḋ; agus foillsiġiḋ an duine mór a ṫoil urċóideaċ: marsin fillid súas é.