Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Hosea 7:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus ní ṁeasuid siad iona ccroiḋṫiḃ go ccuiṁniġimsi a nuile olc: a nois do ṡuiġ a ngníoṁa féin iona ttimċioll, atáid as coinne maiġṫe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Hosea 7:2
33 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Oír atáid a ṡúile ar ṡliġṫíḃ an duine, agus do ċí sé a imṫeaċda uile.


A duḃairt sé iona ċroiḋe, Do ḋearmuid Día: foluiġiḋ sé a aġaiḋ; ní ḟaicfiḋ sé go bráṫ é.


Ná cuiṁniġ peacaḋ móige, ná mo ṡáruiġṫe: do réir do ṫrócaire cuiṁniġ mé ar son do ṁaiṫeasa, a ṪIĠEARNA.


Anois measuiġe so, siḃsi noċ ḋearmadas Día, deagla go réubfuin siḃ, agus naċ biáiḋ fear ḃur ttárrṫála.


Aiṫeantar an TIĠEARNA ris an mbreiṫeaṁnus noċ ċuireann sé a ḃféiḋm: gaḃṫar an ciontaċ a nobair a láṁ féin. Higgaion. Selah.


Do ċuir tú ar ccionta ós do ċoinne, ar bpeacuiḋe fóluiġeaċa ós coinne ṡolus do ġnúise.


Aiṫniġ an daṁ an té le ar leis é, agus an tassal mainséur a ṁaiġisdir: aċt ní aiṫniġionn Israel, ní smuainionn mo ṗobalsa.


A ṪIĠEARNA, iona ṁuáiḋreaḋ ṫangadar ar cuáirt ċugadsa, do ḋóirteadar amaċ urnaiġ a nuáir ṫáinic do smaċduġaḋsa orra.


Agus ní ṁeasann áonduine iona ċroiḋe, ní mó atá éolus nó tuigse a ráḋ, Do loisg mé cuid de annsa teine: aseaḋ, fós do ḃacail mé arán ar a sméaróidiġiḃ; do róst mé feóil, agus a duáiġ mé í: agus a ndéana mé aḋḟúaṫṁaireaċd don ċuid oile ḋe sin; a nuiṁleoċa mé sios do ḃun crainn?


Agus a mbí an ċláirseaċ, agus an ḃiól, agus an tiompán, agus an píob agus an fíon, ar a ḃféustuiḃ: aċ ní ṁeasuid oibreaċa an TIĠEARNA, agus ní ḟaicid oibriuġaḋ a láṁ.


¶ Is marso a deir an TIĠEARNA ris an muinntirsi, Marso do ġráḋuiġeadar dul ar seaċrán, níor ċongṁadar ar ais a ccosa, uimesin ní ġaḃann an TIĠEARNA ċuige íad; cuiṁneoċuiḋ sé anois a loċta, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacuiḋe.


Oír atáid mo ṡúile ar a nuile ṡliġṫiḃ: ní ḃfuilid a ḃfólaċ óm ġnúis, ní mó atáid a ccionta a ḃfolaċ ar mo ṡúiliḃ.


Ata peacaḋ Iúdah ar na scríoḃaḋ lé péann íaruinn, agus lé rinn diamond: atá sé greanta ar ċlár a gcroiḋe, agus ar ċorruiḃ ḃur naltóraċ;


Smaiċteoċuiḋ holc féin ṫú, agus imḋeargfuiḋ do sċleaṁnuġaḋ tar hais ṫú; bíoḋ a ḟios agad uimesin, agus faic, gur bolc agus gur searḃ an ní mar ṫréig tú an Tiġearna do ḊIA, agus naċ ḃfuil meaglasa ionnad, a deir an Tiġearna DIA na slóġ.


Mór a ccoṁairle, agus cuṁaċtaċ a ngníoṁ, (óir atáid do ṡúile oscuilte ar uile ṡliġṫiḃ ṁac na ndaóine: do ṫaḃairt do gaċ áonduine do réir a sliġṫeaċ, agus do réir ṫoruiḋ a ngníoṁ:)


Do ṡliġe agus do ġníoṁarṫa ṫug na neiṫesi ort; sé so holc, do ḃríġ go ḃfuil sé searḃ, do ḃríġ go roiċionn sé go nuige do ċroiḋe.


Naċ ar ċuiṁniḋ an TIĠEARNA an túis do loisgeaḃair a gcaiṫreaċaiḃ Iúdah, agus a sráidiḃ Ierusalem, siḃ féin, agus ḃur naiṫre, ḃur ríġṫe, agus ḃur bprionnsaḋa, agus daóine na tíre, agus naċ ttáinic sé ann a inntin?


An feaḋ do ċífid díoṁaóineas duitse, an feaḋ ḟáistiniġid bréaga ḋuit, dot ṫaḃairt air ṁuinéuluiḃ na druinge marḃṫar leis na ciontaċaiḃ, noċ dá ttáinic a lá, an tan ċríoċnoċṫar a néigceart.


Atá imreasan ag an TTIĠEARNA ré Iúdah, agus smaiċteoċa sé Iacob do réir a ṡliġṫeaċ; do reir a ġníoṁ do ḃéara sé luáiġeaċd dó.


Agus aṁuil an pobal, is mar sin ḃías an sagart: agus smaiċteoċa misi íad ar son a sliġṫeaċ, agus do ḃéara mé luáiḋeaċt a ngnioṁ ḋóiḃ.


A ccionn dá lá aiṫḃeóġa sé sinn: annsa treas lá tóigfe sé súas sinn, agus mairḟiom iona raḋarc.


Ofráluid síad feóil ar son íoḋḃarṫaċ mofrálaċsa, agus iṫid í; aċt ní ġlacann an TIĠEARNA íad; anois cuiṁneoċa sé a néigceart, agus fiosroċuiḋ sé a bpeacaḋ: fillfid síad don Négipt.


Atáid a ccionta uile a Ngilgal: óir is ann sin do ḟúaṫaiġ mé íad: ar son uilc a ngníoṁ díbeora mé as mo ṫiġ íad, ní ġráiḋeoċa mé íad ní sa ṁó, atáid a bprionusaḋa uile easurramaċ.


Do ṫruailleadar íad féin go doṁain aṁuil a láeṫiḃ Ġibeah: uimesin cuiṁneoċa sé a néigceart, coireoċa sé a bpeacaḋ.


Do ṁionnuiġ an TIĠEARNA tres oirḋearcus Iácob, Go deiṁin ní ḋearmoda mé go bráṫ áoinni dá noibreaċaiḃ.


Eiriġ, imṫiġ go Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, agus déana coṁairc na haġaiḋ: óir ṫáinic a ccionta súas dom laṫairsi.


Aċd muna ndeárnṫáoi so, féaċuiḋ, do ṗéacuiġeaḃair a naġaiḋ an TIĠEARNA: agus bíoḋ a ḋearḃ aguiḃ go ḃfuiġiḋ ḃur bpéacuiḋ amaċ siḃ.


Oír ní ḃfuil einní foluiġṫeaċ, naċ dtiocfuiḋ ċum sóillsi; ná seicreideaċ, naċ ḃfuiġṫear a ḟios.


Uime sin ná beiriḋ breiṫ ar áoinní roiṁ a nam, nó go dtíg an Tiġearna, noċ ḟoillseóċas neiṫe folaiġeaċa an dorċadais, agus noċdfus rún na gcroiḋeaḋ: agus ann sin do ġéuḃaiḋ gaċ áon molaḋ ó Ḋía.


O naċ ḃfuilid siád críonna, go ttuigfidís so, lé measfaidís a gcríoċ ḋeiġionaċ!


Agus ní ḃfuil creatúr ar biṫ naċ ḃfuil follas na ḟíaḋnuisision: aċd na huile neiṫe noċduiġe soilléir do ṡúiliḃ an tí ar a ḃfuilmidne ag laḃairt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ