Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Hosea 7:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Anuair buḋ mían liom Israel do leiġios, annsin do foillsiġeaḋ éigceart Eṗraim, agus urċóid Ṡamária: óir do níd síad bréaga; agus ṫig an gaduiġe a steaċ, agus milliḋ an ċoṁláiṁ ṡladṁóireaḋa amuiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Hosea 7:1
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aṁairg do ċoróin a núaḃair, dfearuiḃ meisce Eṗraim, noċ ar ḃláṫ diombúan a sgíaṁ ġlórṁar, noċ atá ar ċeann na ngleann méiṫ an drong air a rug an fíon buáiḋ!


Oír atáid ar ccionta ar ḃfoirlíonaḋ ad laṫairsi, agus fiaġnuiġid ar bpeacuiḋe ar naġaiḋ: óir atáid ar sáruiġṫe maille rinn; agus ar son ar néigceirt, is aiṫnid dúinn íad;


A sáruġaḋ agus a mbréagaiḃ a naġaiḋ an TIĠEARNA, agus a nimṫeaċd ar siuḃal ó ar Ndía, ag laḃairt leaṫtruim agus easuṁla, ag tionnscnaṁ agus ag laḃairt ó ċroiḋe bríaṫra bréagaċa.


Agus do filleaḋ breiṫeaṁnus ar ccúl uáinn, agus seasuiḋ an ceart a ḃfad uáinn: óir do ṫuit a nfírinne annsa tsráid, agus ní ḟéadann an ċóir dul a steaċ.


Do leiġeosamaóis an Ḃabilóin, aċt ní ḃfuil sí leiġeasta: tréigiḋ í, agus éirġiom gaċ uile ḋuine aguinn dá ṫír féin: óir roiṫċiḋ a breiṫeaṁnus go neaṁ, agus do tógḃaḋ súas é gus na spéiriġ.


Agus isí Samária an deirḃṡíur as sine agad, í féin agus a hinġeana noċ áitreaḃus ar do láiṁ ċlé: agus do ḋeirḃṡíur is óige, noċ áitreaḃus ar do láiṁ ḋeis, isí Sodom agus a hinġeana.


Agus do bé a nanmanna Aholah fa sine, agus Aholibah a deirḃṡíur: bá liomsa íad, agus rugadar mic agus inġeana. Is marso do ḃí a nanmanna; sí Aholah Samária, agus sí Aholibah Ierusalem.


Atá úallaċus ann do ṡalċar: do ḃríġ gur ġlan misi ṫú, agus naċ raiḃ tú glan, ní glanfuiġear ód ṡalċar ṫú ní sa ṁó, nó go ttuga misi air mo ḋioġaltas socruġaḋ ort.


Eagloċuiḋ luċt áitreaḃa Ṡamária, do ḃriġ láoġ Ḃet‐aḃen: óir caóiḋfid a daoine ós a cionn, agus a sagairt do ġáirdiġ ría, do ḃríġ a glóire, do ċionn gur imṫiġ uáiṫe.


¶ Compasuiġ Eṗraim mé fá ccuáirt lé bréaguiḃ, agus tiġ Israel le ceilg: aċt ríaġluiḋ Iúdah fós maille ré Día, agus atá sé ionruic maille leis na náoṁuiḃ.


¶ Ciondus ḃéaras mé súas ṫú, a Eṗraim? ciondus ṡeaċodas mé ṫú, a Israel? ciondus do ḋéanas mé ṫú aṁuil Admah? ciondus ṡuiġeoċus mé ṫú aṁuil Seboim? do hiompoiġeaḋ mo ċroiḋe ionnam, do lasadar maiṫreaċuis a néinḟeaċd.


Beaṫuiġṫear Eṗraim lé gáoiṫ, agus leanuiġ sé a ndiáiġ na gaóiṫe a noir: méaduiġiḋ sé bréaga go láeṫeaṁuil agus áonránaċd; agus do níd cunraḋ ris na Hassírianaċuiḃ, agus beirṫir ola don Négipt.


Atá imreasan ag an TTIĠEARNA ré Iúdah, agus smaiċteoċa sé Iacob do réir a ṡliġṫeaċ; do reir a ġníoṁ do ḃéara sé luáiġeaċd dó.


Do ceanglaḋ Eṗraim lé hioḋaluiḃ: léig ḋó féin.


Brisid síad amaċ lé mionnuiḃ, lé bréaguiḃ, le marḃaḋ, lé goid, lé déanaṁ aḋaltranais, agus beanuiḋ fuil re fuil.


Cluiniġ so, a ṡagarta; agus tugaiḋ aire, a ṫiġ Israel; agus éisdiġ, a ṫiġ an ríġ; óir atá ḃreiṫeaṁnus ċugaiḃ, do ḃríġ go raḃaḃair ḃur líon air Ṁispah, agus ḃur bpaintéur leagṫa air Ṫábor.


¶ O a Eṗraim, cred do ḋéana mé riot? O a Iúdah, créad do ḋéana mé riotsa? óir atá ḃur maiṫ aṁuil néull maidne, agus imṫiġiḋ roiṁe mar an ndrúċt ṁóċ.


A ṁairg ḋóiḃsion! óir do ṫeiṫiodar uáimse: donas orra! do ḃriġ gur ċiontuiġeadar am aġaiḋ: bíoḋ gur ḟúascail mé íad, giḋeaḋ do laḃradar bréaga am aġaiḋ.


Do ṫeilg do láoġ úaḋ ṫusa, a Ṡamária; atá mfearg ar lasaḋ na naġaiḋ: gá fad ḃías suil roiṫeoċuid go neiṁċiontaċus?


Oír do ċúadar súas do Nassíria, assal fíaḋta na áonar leis féin: dfostoiġ Eṗraim áosgráḋ.


Oír ní feas dóiḃ ceart do ḋéanaṁ, a deir an TIĠEARNA, noċ ċruinniġios foiréigion agus sladṁóireaċd iona bpálásaiḃ.


¶ Fúagair ós áird a bpálásaiḃ Asdod, agus a bpálasaiḃ ċríċe na Hégipte, agus abaír, Cruinniġiḋ siḃ féin air ṡleiḃtiḃ Ṡamáriah, agus féuċuiḋ an crionċán mór iona lársin, agus an drong anróiḋteaċ iona lársin.


An drong ṁionnuiġios fa ṗeacaḋ Ṡamária, agus a deir, A Ḋan, mairiḋ do ḋía se; agus, mairiḋ moḋ Ḃeer‐seba; eaḋon tuitfid síadsin, agus ní éireoċuid súas a rís go bráṫ.


¶ Oír atá reaċt Omri ar na ċoiṁéad, agus uile oibreaċa ṫiġe Ahab, agus siuḃoluiġ siḃsi iona ccoṁairleaċaiḃ; ċor go ndéanuinnsi fásaċ ḋíot, agus magaḋ dá ḋúṫċusaiḃ: uimesin iomċorṫaói náire mo ṗobail.


A Iérusaléim, A Iérusaléim, ṁarḃus na fáiḋe, agus ġaḃus do ċloċuiḃ ar an luċd ċuirṫear a ttíonsaiḋ, créd a ṁiónca do buḋ áill leam do ċlann do ċruinníuġaḋ re ċeile, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fa na sgiaṫánaiḃ, agus níor ḃáill leaċd!


O a Ierusalém, á Ierusalém, noċ ṁarḃas na fáiġe, agus ġaḃas do ċloċaiḃ ar na dáoiniḃ ċurṫar ċugad; gá ṁioncaċd bá mían leam do ċlann do ċruinniuġaḋ, mar ċruinniġeas an ċearc a gearrcuiġ fá na sgioṫánuiḃ, agus níor ḃáill liḃ!


Ag ráḋ, O dá naiṫeantá, ann sa lá agad féin fós, na neiṫe ḃeanas réd ṡioṫċáin! aċd atáid síad a nois foluiġṫe ód ṡúiliḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ