Agus a duḃradar ris, Is marso a deir Heseciah, Is lá buáiḋearṫa, agus bagair, agus blasṗémiġ an láso: óir ṫangadar na leiniḃ a náit a mbeirṫe, agus ni ḃfuil neart ar a mbreiṫ.
Ag foillsiuġaḋ an deiriḋ ón tosaċ, agus ón tseanaimsir na neiṫe naċ déarnaḋ fós, ġa ráḋ, Seasfa mo ċoṁairlesi, agus do ḋéana mé mo ṫoil féin go hiomlán:
Dfoillsiġ mé fós ó ṫosaċ ḋuit é; suil ṫáinic sé a ccríċ do ṫaisbéin mé ḋuit é: deagla go naibeorṫá, Isé mioḋal do rinne íad, agus míoṁáiġ ġreanta, agus míoṁáiġ leaġṫa, daiṫin íad.
Oír biaiḋ misi do Eṗraim aṁuil leoṁan, agus do ṫiġ Iúdah mar leoṁan óg: réabfa misi, eaḋon misi féin, agus imeoċad roṁam; do ḃéara mé liom é, agus ní ḟúaideoċuiḋ duine ar bíoṫ úaim é.
Ṫangadar láeṫe an ċoiriġṫe, ṫangadar léaṫe an luáiġeaċta; aiṫeonuiḋ Israel é: is amadán an fáiḋ, atá an duine spioradalta ar buile, ar son iomuid héigceart, agus a naḋḟúaṫa ṁóir.
Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA; Biáiḋ do ḃean na meirdriġ annsa ċaṫruiġ, agus tuitfid do ṁic agus hinġeana leis an ccloiḋeaṁ, agus roinnfiġear ṫfearann le doruḃa; agus do ġeaḃa tú bás a ḃfearann ṫruáilliġṫe: agus raċaiḋ Israel go deiṁin a ndaoirsine as a ndúiṫċe.
Aċt naċ ar ġlacadar mo ḃríaṫrasa agus mo reaċda, noċ daiṫin mé dom ṡearḃḟoġantuiḃ na faíġe, greim da ḃur naiṫriḃse? agus dfilleadar agus a duḃradar, Aṁuil mar do ḃreaṫnuiġ TIĠEARNA na slóġ do ḋéanaṁ rinne, do reír ar sliġṫe, agus do réir ar ngnióṁ, is mar sin do rinne sé rinn.
Aċd do laḃuir mé na neiṫe so riḃ, ionnus an tan ṫiocfas an uáir, go gcuiṁnéoċaḋ siḃ gur innis mé ḋíḃ íad. Giḋeaḋ níor innis mé ḋíḃ íad, do ḃriġ go raiḃ mé féin aguiḃ.