Agus gan a ḃeiṫ mar a naiṫre, ginealaċ neiṁċeannsuiġ agus easuṁal; ginealaċ naċ díriġionn a ccroiḋe go ceart, agus naċ ḃfuil a spiorad fírinneaċ do Ḋía.
Agus do ḃéara mé croiḋe ḋóiḃ dom aiṫniuġaḋ, gur mé an TIĠEARNA: agus béid na bpobal agamsa, agus biáiḋ misi am Ḋía acasan: óir fillfid síad ċugam maille re na nuile ċroíḋe.
Aċt an tí do ḋéanas glóir, glóruiġeaḋ annso, go ttuigionn sé agus go naiṫniġionn sé misi, gur mé an TIĠEARNA ċleaċtas cinéul gráḋaċ, breiṫeaṁnus, agus fíréantaċd, annsa talaṁ: óir is annsna neiṫiḃsi ḋúiliġim a deir an TIĠEARNA.
Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċlann Israel: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA ré luċt áitreiḃe na tíre, do ḃríġ naċ ḃfuil fírinne, nó trócaire, nó éolus Dé annsa tír.
¶ Iarruid mo ḋaóine coṁairle air a smotánuiḃ, agus foillsiġiḋ a mbata ḋóiḃ: óir ṫug spiorad an stríopaċuis orra dul air seaċrán, agus do ċúadar do stríopaċus ó ḃeiṫ faói na Ndía.
Ní smaiċteoċa misi ḃur ninġiona a nuáir do ḋéanuid stríopaċus, nó ḃur mná posda an tan do ḋéanuid aḋaltrannas, óir atáid féin déaluiġṫe le stríopaċaiḃ, agus íoḋbruid re meirdreaċaiḃ: uimesin tuitfid na daóine naċ ttuigeann.
¶ Do scriosaḋ mo ḋáoine do ḋíṫ éoluis: do ḃríġ gur ṫarcuisniġ tú éolus, tarcuisneoċa misi ṫusa mar an ccéadna, ċor naċ biáiḋ tú ad ṡagart agum: ó ḋearmuid tú dliġeaḋ do Ḋé, dearmodfa misi mar an ccéadna do ċlannsa.
Agus ní ḃfuil aiṫe aguiḃsi air; giḋeaḋ is aiṫne ḋaṁsa é: agus má a deirim, Naċ aiṫne ḋaṁ é, biáiḋ mé cosṁuil riḃsi bréagaċ: giḋeaḋ as aiṫne ḋaṁ é, agus coiṁéuduim a ḃriaṫar.