¶ Tosaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA tre Hosea. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Hosea, Imṫiġ, gaḃ ċugad bean stríopaċuis agus clann stríopaċuis: óir do rinne an tír stríopaċuis mór, ag deaġail ris an TTIĠEARNA.
Beaṫuiġṫear Eṗraim lé gáoiṫ, agus leanuiġ sé a ndiáiġ na gaóiṫe a noir: méaduiġiḋ sé bréaga go láeṫeaṁuil agus áonránaċd; agus do níd cunraḋ ris na Hassírianaċuiḃ, agus beirṫir ola don Négipt.
An tan do ċonnairc Eṗraim a ṫinneas, agus Iúdah a ċneaḋ, ann sin do ċuáiḋ Eṗraim a ccionn a Nassírianaċ, agus do ċuir fios gus an ríġ Iáreb; giḋeaḋ níor ḟéad sé siḃsi do ṫárṫáil, nó ḃur leiġios ó ḃur ccneiḋ.
Is cosṁuil a ġlóir ré primidil á ḃulóige, agus is cosṁuil a aḋarca ré aḋarcuiḃ Unicorn: léo sin ḃuáilfios sé na daóine a néinfeaċt go críoċuiḃ na talṁan: agus is íad sin deíċ míle Eṗraím, agus is íad mílte Ṁanasseh íad.