A ṁairg don droing ṫéid a ndoiṁne do ċeilt a ccoṁairle ón TTIĠEARNA, agus atáid a noibreaċa a ndorċadas, agus a deirid, Cía ċí sinn? agus cía agá ḃfuil éolus oruinn?
¶ Annsin a dúḃradarsan, Tigiḋ, agus déanam coṁairle a naġaiḋ Ieremiah; óir ní ṁuġoċuiḋ an dliġeaḋ ón tsagart, nó coṁairle ó neagnuiḋe, nó an ḃríaṫar ón ḃfáiġ. Tigiḋ, agus buáiliom é leis an tteangaiḋ, agus ná tugam aire déanḟocal dá ḃríaṫruiḃ.
O a ṪIĠEARNA, naċ ḃfúilid do ṡúile air an ḃfírinne? do ḃuáil tú íad, aċt ní raiḃ doilġios orra; do ḋíoḃáiḋ tú íad, aċt do ḋíultadar smaċd dó ġlacaḋ: do rinneadar a naiġṫe ní as cruáiḋe ná carruic; do ḋíultadar filleaḋ.
Atáid a ccionta uile a Ngilgal: óir is ann sin do ḟúaṫaiġ mé íad: ar son uilc a ngníoṁ díbeora mé as mo ṫiġ íad, ní ġráiḋeoċa mé íad ní sa ṁó, atáid a bprionusaḋa uile easurramaċ.