3 Uimesin caóiḋiḋ an dúṫaiġ, agus anḃfainfiġ gaċ uile ḋuine dá ccoṁnuiġionn inte, maille re beaṫaċaiḃ an ṁaġa, agus éanlaiṫ neiṁe; fós, béarṫar as mar an ccéadna uile éisc na fairge.
Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.
Gá fad ḃías an tír ag caói, agus luiḃ gaċ áonṁaġa ag críonaḋ, do ḃríġ uilc na druinge ċoṁnuiġeas ionnta? do caiṫeaḋ na beaṫuiġe, agus na héin; do ḃríġ go ndúḃradar, Ní ḟaicfiḋ sé ar ccríoċ ḋeiġionaċ.
Oír atá an fearann lán daḋaltrannaċaiḃ; óir caóiḋiġ an tír do ḃríġ mionnaḋ; do tiormuiġeaḋ súas áit ṁíanġusaċ a nfásaiġ, agus is olc a ccúrsa, agus ní ceart a neart.
Ar na sléiḃtiḃ tóigfiod súas golġáir agus gúḃa, agus ar son áitreaḃṫaċa a nfásuiġ caóineaḋ, do ḃríġ go ḃfuilid loisge, iondus naċ féidir dáon gaḃáil ṫársa, agus naċ ccluinid gúṫ na háirnéisi; do ṫeiṫ araon éunlaiṫ a naiéir agus an beaṫaċ; atáid ar nimṫeaċt.
Iondus go ccriṫfid éisc na fairge, agus éunlaiṫ neiṁe, agus beaṫuiġe an ṁaċaire, agus na huile neiṫe snáiḋeaċa ṡnaiḋios air an ttalaṁ, agus na huile ḋaóine da ḃfuil ar ġnúis na talṁan rem raḋarcsa, agus teilgfiġear na sléiḃte síos, agus tuitfid na háite árda, agus tuitfiḋ a nuile ḃalla go talaṁ.
Agus a dúḃairt sé, Núallfuiḋ an TIĠEARNA ó Ṡion, agus foillseoċaiḋ sé a ġúṫ ó Ierusalem; agus guilfid áitreaḃa na náoḋaireaḋ, agus críonfuiḋ mullaċ Ċarmel.
Uimesin an TIĠEARNA, Día na slóġ, is marso, a deir an Tiġearna; Biáiḋ caói annsna huile ṡráidiḃ; agus a déaruid annsna huile ṡliġṫiḃ móra, Mó ṫruáiġe! mo ṫruaiġe! agus goirfiḋ an fear oibre ċum cuṁa, agus an luċt ḃíos éolaċ a ccaóineaḋ ċum caóinte.
Naċ ccrioṫnoċuiḋ an talaṁ uimeso, agus naċ ccaóiḋfiḋ gaċ duine dá ccoṁnuiġionn ann? agus éireoċuiḋ súas go hiomlán aṁuil tuile; agus teilgfiġear amaċ agus báiḋfiġear é, aṁuil le tuile na Hégipte.
Díoġḃáiġfiḋ mé an duine agus an beaṫaċ, scriosfa mé éanlaiṫ a naiéir, agus eisc na fairge, agus na cip ṫuisliġ maille ris na ciontaċaiḃ; agus geárrfa mé amaċ an duine ón ttalaṁ, a deir an TIĠEARNA.
Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ.