Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Hosea 4:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Brisid síad amaċ lé mionnuiḃ, lé bréaguiḃ, le marḃaḋ, lé goid, lé déanaṁ aḋaltranais, agus beanuiḋ fuil re fuil.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Hosea 4:2
42 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċoṁráiġ Cáin ré na ḋearḃraṫair Abel; agus tarla ann, a nuair do ḃádar ar an maċaire, gur éiriġ Cáin súas a naġuiḋ Abel a ḋearḃraṫar, agus gur ṁarḃ é.


Do truáilleaḋ an talaṁ mar an ccéadna faói na ḋúṫċusaiḃ; do ċionn gur ṡáruiġeadar an dliġeaḋ, gur áṫruiġeadar an torduġ, ḃriseadar an cunnraḋ siorruiḋ.


Cluiniḋ so, a ṫiġ Iácob, noċ ġoirṫear a nainm Israel, agus ṫáinic amaċ as uisgeaḋuiḃ Iúdah, noċ ṁionnuiġios a nainm an TIĠEARNA, agus ṫig tar Día Israel, aċd ní a bfírinne nó a ḃfíreantaċd.


Oír níor tréigeaḋ Israel, ná Iúdah ó na Ndía, ó a ṪIĠEARNA na slóġ; bíoḋ gur líonaḋ a ndúṫaiḋ do ṗeacaḋ a naġaiḋ Aóin Náoṁṫa Israel.


Aṁuil mar ṫeilgios tiobruid a huisceaḋa amaċ, is marsin ṫeilgiḋ sí amaċ a cionta: do ċlos foiréigin agus milleaḋ innte; atá dom laṫairsi a ccoṁnuiġe doilġios agus cneaḋa.


Ar son ṗeacaḋ a fáġ, agus éigceart a sagart, noċ do ḋóirt fuil na ḃfíréun iona lár,


¶ Déana slaḃraḋ: óir atá an tír lán do ċoirṫiḃ fuilteaċa, atá an ċaṫair lán dfoiréigion.


Do ṫreaḃaḃair urċóid, do ḃeanaḃair éicceart; diṫeaḃair toraḋ na mbréug: do ḃríġ gur ḋóṫċusaiġ tú ann do ṡlíġe, a niomadaṁlaċt do ḋaóine cuṁaċtaċ.


Do laḃradar focuil, ag taḃairt a néiṫiġ a ndéanaḋ cunnarṫa: marso ḟásas breiṫeaṁnus súas aṁuil muinṁear a neitriġiḃ an mbaċaire.


¶ Compasuiġ Eṗraim mé fá ccuáirt lé bréaguiḃ, agus tiġ Israel le ceilg: aċt ríaġluiḋ Iúdah fós maille ré Día, agus atá sé ionruic maille leis na náoṁuiḃ.


Do ḃrostuiġ Eṗraim é ċum feirge go doriḃ: ar a naḋḃarsin fúigfiḋ sé a ḟuil air, agus fillfiḋ a Ṫiġearna a scannail ċuige féin.


Agus atáid na heasurrumuiġ ro ḟonnṁar ċum áir do ḋéanaṁ, bíoḋ go raiḃ misi aiṫḃioraċ orra uile.


Is caṫair Gílead don druing oibriġios éigceart; agus atá sí ar na truáilleaḋ le fuil.


Agus aṁuil ḟeiṫios cuideaċda ṡladṁoireaḋair ḋuine, aṁluiḋ si n marḃuid cuideaċda ṡagart annsa tsliġe dáontoil: óir do níd síad úallaċus.


Anuair buḋ mían liom Israel do leiġios, annsin do foillsiġeaḋ éigceart Eṗraim, agus urċóid Ṡamária: óir do níd síad bréaga; agus ṫig an gaduiġe a steaċ, agus milliḋ an ċoṁláiṁ ṡladṁóireaḋa amuiġ.


Cuirid síad lúaṫġair air an ríġ le na cciontaiḃ, agus air na prionnsaḋuiḃ le na mbréuguiḃ.


Atáid uile na naḋaltrannaċaiḃ, aṁuil uáiṁ te ón ḃáicéir, noċ scuirios do ṫógḃáil tairéis an taóis do ṡúaṫaḋ, nó go raiḃ na loiḃín.


Noċ ḟúaṫuiġios an ṁaiṫ, agus ġráḋuiġios an tolc, noċ ṫairngios a ccroicionn díoḃ, agus a ḃfeóil dá ccnáṁuiḃ;


Eistiġ so, íarruim daṫċuinge oruiḃ siḃsi cinn ṫiġe Iácob, agus prionnsaḋa ṫiġe Israel, ġráineas re breiṫeaṁnus, agus ċuirios a nuile ċeart bun ós cionn.


¶ An ḃfuilid fós ionnṁuis a nuile a ttiġ an ċiontuiġ, agus an miosúr gann atá aḋḟúaṫṁar?


Dimṫiġ an deaġḋuine seaċad as an ttalaṁ, agus ní ḃfuil áon ionruic a measg na ndaóine: luiġid uile a luiġeaċán air ḟuil; do níḋ gaċ uile ḋuine fíaḋaċ air a ḋearḃraṫair le líon.


Aṁairg ḋise atá salaċ, agus truáilliġṫe, do ċaṫruiġ na héaccóra!


Annsin a duḃairt seision riom, Isé so an malluġaḋ ṫéid amaċ ṫair aġaiḋ na talṁan uile: óir géarrfuiġear amáċ gaċ uile ḋuine ġadus mar buḋ eaḋ don taóiḃsi ḋá réir; agus géarrfuiġear amaċ gaċ uile ḋuine do ḃeir mionna mar buḋ eaḋ don taóiḃ oile ḋá réir.


Is marso laḃrus TIĠEARNA na slóġ, ag ráḋ, Déanuiġ breiṫeaṁnus ceart, agus foillsiġiḋ trócaire agus truáiġe gaċ áon dá ḋearḃráṫair:


Do ċum go dtiocfaḋ oruiḃ gaċ uile ḟuil ḟiréanta dar dóirteaḋ ar an dtalaṁ, ó ḟuil Abél ḟíréanta go fuil Ṡaċarías ṁic Baraċías, noċ do ṁarḃaḃairsi eidir an teampoll agus a naltóir.


Cía do na fáiḋiḃ nar ḋíḃreadar ḃur náiṫreaċa? agus do ṁarḃadar an dream do réuṁḟoillsiġ teaċd an Táon Firéin úd; agá raḃaḃairse a nois ḃur luċd braṫa agus dúnṁarḃṫa:


Ní ṫiuḃra tú ainm an TIĠEARNA do Ḋé go dioṁáoin: óir ní ṁeasfuiḋ an TIĠEARNA neiṁċiontaċ an té ḃeir a ainm go díoṁaóin.


Noċ fós do ċuir an Tiġearna Iósa ċum báis, agus na fáiḋe do ḃí aca féin, agus do tinne gérleanṁuin oruinne; agus naċ dtaitneann ré Día, agus atá conntrárrḋa do na huile ḋaóiniḃ:


Agus do ċonnairc mé an ḃean sin air misge dfuil na náoṁ, agus dfuil ṁairtíreaċ Iósa: agus ar na faicsin daṁ, do ġaḃ iongnaḋ roṁor mé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ