3 Deagla go noċtfuinnsi tárnoċd í, agus go ccuirfinn í do nós an laói a rugaḋ í, go ndéanuinn aṁuil fásaċ í, agus go ndéanuinn aṁuil fearann tirim í, agus go muirfinn lé tart í.
Agus do ḃí tart uisge ar an bpobal; agus do rinneadar an pobal iṫiomraḋ a naġuiḋ Ṁaóisi, agus a duḃradar, Cred fá ttug tú leaċd sinn súas as a Négipt dar marḃaḋ, agus do ṁarḃaḋ ar gcloinne, agus ar náirnéisi le tart?
Atá an talaṁ ag caói agus ag seargaḋ: atá Lebanon náireaċ agus ar na ġearraḋ síos: atá Sáron cosṁail ré díoṫraṁ; agus croiṫiḋ Basan agus Carmel a ttóirṫe ḋíoḃ.
Agus do ċuireadar a nuáisle a cclann ḃeag ċum na nuisceaḋ: ṫángadar ċum na claisiḃ, agus ní ḃfúaradar uisge; dḟilleadar gon a soiġṫiġiḃ folaṁ; do ḃádar náireaċ imṡníoṁaċ, agus dfóluiġeadar a ccinn.
Oír biáiḋ sé cosṁuil ris an ḃfráoċ annsa ḃfasaċ, agus ní ḟaicfiḋ sé a nuáir ṫiucfas maiṫ; aċt áiteoċuiḋ sé na háite dóite annsa ḃfásaċ, a ḃfearann ṡailte agus gan áitreaḃ.
O a ġinealaċ, féuċ focal an TIĠEARNA. An raiḃ misi am ḟásaċ do Israel? am ḟearann dorċaduis? cred as a nabruid mo ṗobal, Is tiġearnaḋa sinne; ní ṫiucfam ní sa mó ad ċoinne?
Agus ní dúḃradar, Cáit a ḃfuil an TIĠEARNA noċ ṫug a níos sinn ó ċriċ na Hégipte, do ṫréoruiġ sinn ṫrid an dioṫraṁ, agus tré ḟearann bán fásuiġ, agus tre ṫir ṫarta, agus scáile an ḃáis, tré ḟearann naċ ar ġaḃ aonduine ṫríd, agus naċ ar áitreiḃ aonduine.
Oír is marso a deir an TIĠEARNA ré tiġ ríġ Iúdah; Is tú Gilead agamsa, agus ceann Lebanon: aċt go deiṁin do ḋéana mé fásaċ ḋíot, agus caiṫreaċa ann naċ mbiáiḋ áitreaḃaḋ.
Agus níor ċuiṁniġ tú láeṫe hóige ann do uile ġráineaṁlaċtaiḃ agus stríopaċasaiḃ, an tan do ḃí tú tárnoċt agus lom, agus do ḃí tú ar do ṫruáilleaḋ an ṫfuil.
¶ Má tá go ḃfuil sé tarḃaċ a measg a ḋearḃráiṫreaċ, tiucfa gáoṫ a noir, tiucfa gáoṫ an TIĠEARNA súas ón ḃfásaċ, agus tiormoċuiḋ sí a ṫobar, agus tiormoċṫar súas a ṫiubruid: millfe sé ionnṁus gaċ uile ṡoiṫeaċ taitneaṁaċ.
Agus na deiċ naḋárca do ċonnairc tú air a nainṁíḋe, biáiḋ fúaṫ aca don ṁeirrdriġ, agus fúigfid fásuiġe noċduiġe í, agus íosuid a feóil, agus loisgfid re teine í.
¶ Agus do ḃí ró ṫart air, agus do ġoir ar an TTIĠEARNA, agus a duḃairt. Ṫug tú an fúasclaḋ mór so re láiṁ do ṡeirḃísiġ: agus anois an ḃfuiġe mé bás don tart, agus tuitim a láiṁ na neiṁṫimċillġéarrṫa?