2 Tagraiḋ ré ḃur maṫair, tagraiḋ: óir ní hí mo ḃeansa í, ní mó is misi a fearsa: ar a naḋḃarsin cuireaḋ sí uáiṫe a stríopaċus as a raḋarc amaċ, agus a haḋaltrannas ó idir a cíoċuiḃ;
Agus cuirfiḋ sé brataċ súas do na cineaḋaċaiḃ, agus cruinneoċuiḋ spruḋar Israel, agus cruinneoċuiḋ sé a ḃfoċair a ċéile a mbiáiḋ spréidṫe do Iúdah ó ċeiṫre corruiḃ na talṁan.
Is marso a deir an TIĠEARNA, Cáit a ḃfuil bille dealuiġṫe ḃur máṫar, noċ do ċuir misi uáim? nó cía dom ḟeiṫeaṁnuiḃ re ar reac mé siḃ? Féuċ. Do reacaḃair siḃ féin ar son ḃur nolc, agus ar son ḃur cciontaḋ do cuireaḋ ḃur maṫair ar siuḃal.
Agus abair, Eistiġsi bríaṫra an TIĠEARNA, a ríġṫe Iúdah, agus a áitreaḃṫaċ Ierusalem; Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Féuċ, do ḃéara mé olc air a náitsi, noċ giḋ bé ar biṫ ċluinfios, tormánfuid a ċlúasa.
Eíriġ agus éiġ a cclúasaiḃ Ierusalem, ġa ráḋ, Is marso a deir an TIĠEARNA; cuiṁniġim ḋuit cinéul hóige, gráḋ do ḋála, a nuáir do ċuáiḋ tú am ḋiáiġ annsa ḃfásaċ, a ḃfearann naċ ar cuireaḋ.
Deirid síad, Má ligion fear a ḃean, agus go nimeoċuiḋ sí úaḋ, agus go mbía sí ag fear oile, a niompoċuiḋ sé uirre a rís? naċ ttrúailliġear an talaṁsin go mór? aċt do rinne tusa meirdreaċus lé mórán do luċt gráḋa; aċt ċeana, fill ċugamsa a rís, a deir an TIĠEARNA.
Aṁáin aduiṁ do ċionta, gur ṡáruiġ tú a naġaiḋ an TIĠEARNA do Ḋía, agus gur spréiġ tú do ṡliġṫe do na coiṁiġṫeaċuiḃ faói gaċ áon ċrann glas, agus nar úṁluiġ tú dom ġuṫsa, a deir an TIĠEARNA.
Do ċuir tú súas háit árd air gaċ aóin ċeann don tsliġe, agus ṫug tú fa deara do sgíaṁ dfúaṫuġaḋ, agus dfoseail tú do ċosa do gaċ aon dar ġaḃ ṫort, agus do ṁéaduiġ tú do stríopaċus.
¶ Agus béaruid na daóine fireanta, breaṫ orra do réir ṁoḋa aḋaltrannaċ, agus do réir ṁoḋa na mban ḋóirtios fuil; do ḃríġ go ḃfuilid na naḋaltrannaċaiḃ, agus go ḃfuil fuil iona láṁuiḃ.
¶ Tosaċ ḃréiṫre an TIĠEARNA tre Hosea. Agus a duḃairt an TIĠEARNA ré Hosea, Imṫiġ, gaḃ ċugad bean stríopaċuis agus clann stríopaċuis: óir do rinne an tír stríopaċuis mór, ag deaġail ris an TTIĠEARNA.
Oir do rinne a maṫair meirdreaċus: an ḃean do ġein íadsan do rinne sí ní gráineaṁuil: óir a duḃairt sí, Leanfa mé a ndiáiġ máosgráḋ, do ḃeir ḋaṁ marán agus muisge, molann agus mo lion, mola agus mo ḋeoċ.
Ṫáinic an bristeóir súas rompa: do ḃriseadar súas, agus do ġaḃadar ṫríd an ngeata, agus do ċúadar amaċ ann: agus raċuiḋ a ríġ rompa, agus an TIĠEARNA iona ccionn.
Uime sin né haiṫne ḋúinne ó só amaċ éunduine do réir na féola: agus, bíoḋ go raiḃ aiṫne aguinn ar Ċríosd do réir na féola, giḋeaḋ ní haiṫne ḋúinn a nois féasda é.