Agus na ḋiáiġ sin ṫáinig a ḋearḃraṫair amaċ, agus do ḃi greim agá láiṁ ar ṡáil Esau; agus tugaḋ Iácob dainm air: agus do ḃi Isaac trífiċid bliaḋan dáois a nuáir do rugaḋ íadsan.
Agus do ċuir an TIĠEARNA síol Israel uile a ttarcuisne, agus do smaċduiġ íad, agus do ṫoirḃir íad a láiṁ ṁillteóireaḋ, nó gur ṫeilg sé as a raḋarc íad.
No gur aṫarruiġ an TIĠEARNA Israel as a raḋarc, mar a duḃairt sé tre na ṡeirḃíseaċaiḃ uile na fáiġe. Mar sin rugaḋ Israel as a ndúiṫċe féin go Hassíria gus a niuġ.
Anois ṫáinic an críoċnuġaḋ ortsa, agus cuirfiḋ misi mfearg ort, agus do ḃéarad breaṫ ort do réir ṡliġṫeaċ, agus cuirfiḋ mé luáiġeaċt do ġráineaṁlaċta uile ort.
Anois go goirid dóirtfe mé mo ḋíḃḟearg ortsa, agus ċoíṁlíonfa mé mfearg ort: agus do ḋéana mé breiṫeaṁnus ort do réir do ṡliġṫeaċ, agus cúiteoċa mé riot ar son haḋḟúaṫṁaireaċt uile.
Eistiġ bríaṫar an TIĠEARNA, siḃsi a ċlann Israel: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA ré luċt áitreiḃe na tíre, do ḃríġ naċ ḃfuil fírinne, nó trócaire, nó éolus Dé annsa tír.
¶ Marso a deir an TIĠEARNA; Ar son ṫrí sáruiġṫe Iúdah, agus ar son a ceaṫair, ní ċoigeola mé é; do ḃríġ gur ḋísbeagadar dliġeaḋ an TIĠEARNA, agus nár ċoiṁéadadar a aiṫeanta, agus ṫug a mbréuga orra seaċrán do ḋéanaṁ, a ndiaiġ ar ṡiuḃluiġeadar a naiṫre:
Eístiġsi, a ṡléiḃte, imreasan an TIĠEARNA, agus siḃsi a ḃunáite láidre na talṁan: óir atá imreasan aig an TTIĠEARNA re na ḋaóiniḃ, agus taigeoruiḋ sé ré Hísrael.