9 Ní ċríoċnoċa mé buirbe mfeirge, ní iompoċa mé do ṁilleaḋ Eṗraim: óir is Día mé, agus ní duine; an Táon Náoṁṫa ann do lár: agus ní raċuiḋ mé a steaċ annsa ċaṫraiġ.
Aċt ní ṫug Amasa aire don ċloiḋeaṁ do ḃí a láiṁ Ióab: mar sin do ḃuáil sé é don ċloiḋeaṁ an sa ccuigeáḋ ásna, agus do leíg sé a inniġe amaċ fán ttalaṁ, agus níor ḃuail sé a rís é; agus fúair sé bás. Marsin do lean Ioab agus Abisai a ḋearḃraṫair a a ndiáiġ Ṡéba ṁic Biċri.
Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.
Aṁairg don droing ṫéid síos don Négipt ċum caḃra; agus ḟanas ar eaċaiḃ, agus ḋóṫċusuiġios a ccarbaduiḃ, do ḃríġ go ḃfuihd iomadaṁuil; agus a marcṡlúaġ, do ḃríġ go ḃfuilid láidir; aċt ní ḟéaċuid síad Dáon Naoṁṫa Israel, ní íarruid síad an TIĠEARNA!
Cáiṫfiḋ tú íad, béaruiḋ an ġaoṫ lé íad, agus cráoḃsgaóilfe an ġáoṫ ġuáirdeáin íad: agus gáirdeoċuiḋ tusa annsa TIĠEARNA, agus do ḋéana tú gloir a Náon Náoṁṫa Israel,
Uime sin mar loisgios an teine an connlaċ, agus mar loisgios an lasair an cáiṫleaċ, marsin ḃías a ḃfréuṁ mar loḃaḋ, agus raċaid a mbláṫa súas aṁuil luáiṫreaḋ: do ċionn gur ṫeilgiodar úaṫa dliġeaḋ TIĠEARNA na slóġ, agus gur ṫarcuisniġeadar bríaṫar Aóin Náoṁṫa Israel.
Má éistid síad riot, agus go ḃfillfiḋ gaċ áonduine ó na ḋroiċṡliġe, ċor go mbía aiṫreaċus orumsa fa nolc, do ṫionnscuin mé do ḋéanaṁ orra tre olcus a ngníoṁ.
Oír atáimse maille leaċd, a deir an TIĠEARNA, dot ṡáḃáil: má tá go ccuirfe me deireaḋ iomlán ris na huile ċineaḋaċaiḃ mar ar spréiġ mé ṫú, giḋeaḋ ní ḋéana mé críoċnuġaḋ iomlán díotsa: aċt smaiċteoċa mé ṫú a measarḋaċt, agus ní ḟagfea me ṫrid amaċ gan pianaḋ ṫú.
Beaṫuiġṫear Eṗraim lé gáoiṫ, agus leanuiġ sé a ndiáiġ na gaóiṫe a noir: méaduiġiḋ sé bréaga go láeṫeaṁuil agus áonránaċd; agus do níd cunraḋ ris na Hassírianaċuiḃ, agus beirṫir ola don Négipt.
Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Agus ní ḃeanfa éainní don ní ṁalluiġ dot láiṁ: ċor go ḃfilliḋ an TIĠEARNA ona ḋásaċd feirge, agus go ttaisbeanuiḋ grasa ḋuitsi, agus go raiḃ truáiġe aige ḋuit, agus go méideoċuiḋ sé ṫú, mar do ṁionnuiġ sé dot aiṫriḃ;
Ann sin a duḃairt Abisai re Dáiḃi, Ṫug Día do náṁaid a niuġ ad láiṁ: anoís ar naḋḃarsin guiḋim ṫú, leíg ḋaṁsa a ḃúalaḋ, leis an ngaṫ go nuige an ttaláṁ déantsáṫaḋ, agus ní ḃúailfiod an dara huáir é.