Agus a duḃairt, Má eísteann tú go dúṫraċdaċ re guṫ an TIĠEARNA do Ḋía, agus do ndéana tú an ní is ceart na raḋarc, agus go ttiuḃra tú aire dá aiṫeantuiḃ, agus go gcuiṁdeoċa tú a reaċda uile, ni ċuirfe me énni dona heasláintiḃsi oruiḃ noċ ṫug mé ar na Hégiptiḃ: óir is misi an TIĠEARNA leiġisios tú.
Tuilleaṁ oile biáiḋ solus na gealuiḋe mar ṡolus na gréine, agus biáiḋ solus na gréine seaċd‐nuiread, mar ṡolus ṡeaċd lá, annsa ló a gceangoluiḋ an TIĠEARNA súas briseaḋ a ṗobail, agus leiġisfiḋ buille a ċneiḋe.
Do ḃí seision buáiḋearṫa ann a nuile ḃuáiḋreaḋsan, do ṫárṫuiġ aingeal a aiġṫe iad: ann a ġráḋ agus ann a ṫruáiġe dfúascail sé íad; diomċuir sé, agus rug leis íad uile láeṫe an tsáoġail.
Oír aiseoga mé sláinte ḋuitsi, agus leiġeosa mé ṫú ód ċneaḋaiḃ, a deir an TIĠEARNA; do ḃríġ gur ġoireadar Díbearṫaċ ḋíot, ġa ráḋ, Isí so Sion, naċ lorgann duine ar biṫ na diáiġ.
Anuair buḋ mían liom Israel do leiġios, annsin do foillsiġeaḋ éigceart Eṗraim, agus urċóid Ṡamária: óir do níd síad bréaga; agus ṫig an gaduiġe a steaċ, agus milliḋ an ċoṁláiṁ ṡladṁóireaḋa amuiġ.
Agus annsa ḃtásaċ, mar a ḃfaca tú cionnus do iomċair an TIĠEARNA do Día ṫú, mar diomċóraḋ duine a ṁac, annsa nuile ṡliġe dá ndeaċaḃair, nó go ttangaḃair a steaċ don náitsi.
Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.