Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.
Agus tárla ar na ṁáraċ go ttug Passur Ieremiah amaċ as na cipiḃ. Annsin a dúḃairt Ieremiah rís, Ní Passur do ġoir an TIĠEARNA dainm ḋiot, aċt Magor‐missabib.
¶ Gidbeaḋ biáiḋ uiḃir ċlainne Israel aṁuil gaineaṁ na fairge, naċ féidir do ṫoṁas nó dáireaṁ; agus tiucfa a ccríċ, annsa náit a ndúḃraḋ ríu, Ní siḃsi mo ḋaóinesi, annsin a déarṫar ríu, Is siḃsi mic an Dé ḃí.
Agus síolċuirfiḋ mé riom annsa talaṁ í, agus do ḋéana mé grása uirre naċ ḃfuáir grása; agus a déara mé ris an ndruing naċ raiḃ mo ṗobal, Is tú mo ṗobal; agus a déaruid síadsan, Is tú mo Ḋía.