Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.
Oír is marso a deir an TIĠEARNA, Féuċ, sínfiḋ misi síoṫċáin di aṁuil sruṫ, agus glóir na ngeinteaḋ aṁuil sruṫán ag tuiliuġaḋ: annsin díulfuiḋe, béarṫár siḃ air a táoḃuiḃ, agus beiṫi a muirníneaċt air a glúiniḃ.
Agus buḋ é an fearso an tsíoḋċáin, an tan ṫiucfas an Tassírianaċ dar ttir: agus an tan ṡailteorus ann ar bpálásaiḃ, annsin tóigfeam móirṡeisior áoḋaireaḋ na aġaiḋ, agus oċtar do ḋaóiniḃ prinnsiopalta.
Eirġiḋe súas air a tslíaḃ, agus tugaiḋ aḋmad liḃ, agus cuiriḋ an tiġ súas; agus biáiḋ dúil agamsa ann, agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ, a deir an TIĠEARNA.
Cía do fágḃaḋ ann ḃur measgsa do ċonairc an tiġse iona ċéadġlóir? agus ciondus do ċítí anois é? naċ ḃfuil sé ann ḃur súiliḃ a ccompráid dó aṁuil neiṁní?
Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.
Fágḃuim síoḋċain aguiḃ, do ḃeirim mó ṡíoḋċáin féin ḋaóiḃ: ní mar do ḃeir an sáoġal, do ḃeirimsi ḋaóiḃ. Ná buaiḋearṫar ḃur ccroiḋe, agus ná bíoḋ eagla air,
Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.