Agus raċaiḋ síad a ccúasuiḃ na ccarrac, agus a núaṁuiḃ na talṁan ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċta, a núair éireoċus sé do ċroṫaḋ na talṁan go húaṫḃasáċ.
Tóig súas do ṡúile timċioll fa ccuáirt, agus faic: cruinniġid síad íad féin a ccionn a ċéile, tigid síad ċugadsa: tiucfaid do ṁic ó himċéin, agus oilfiġear hinġeana red ṫáoḃ.
Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.
Ṫug mé air na cineaḋaċaiḃ erioṫ lé fúaim a leagṫa, an tan do ṫeilg mé síos é go hifrionn maille ris an luċt ṫéid síos annsa ṗoll: agus coṁḟurtaċtfuiġear uile ċrainn Eden, toġa agus roġa Lebanon, gaċ a niḃionn uisge a rannaiḃ íoċtair na talṁan.
¶ Annsin ṫug sé mé a sliġe an ġeata ṫuáiġ as coinne an tiġe: agus daṁairc mé, agus, féuċ, do líon gloir an TIĠEARNA tiġ an TIĠEARNA; agus do ṫuit misi air maġaiḋ.
Eirġiḋe súas air a tslíaḃ, agus tugaiḋ aḋmad liḃ, agus cuiriḋ an tiġ súas; agus biáiḋ dúil agamsa ann, agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ, a deir an TIĠEARNA.
Feuċ, cuirfiḋ mé mo ṫeaċtaire, agus uillṁeoċa sé an tsliġe roṁam: agus tiucfa an TIĠEARNA, noċ íarṫaói, go hobann da ṫeampall, eaḋon teaċtaire an ċunnarṫa, iona ḃfuil ḃur ndúil: féuċ, tiucfa sé, a deir TIĠEARNA na slóġ.
Agus táinic sé maille ré tréoir na Spioraide don teampoll: agus an tan ṫug a aṫair agus a ṁáṫair an leanaḃ Iósa, do ċum go ndéanaídis ar a ṡon do réir gnáṫuiġṫe an dliġe,
Agus tárla, áon do na láeṫiḃ sin, an tan do ṫeagaisg séision an pubal ann sa teampall, agus do ṡeanmoir sé an soisgéul, go dtangadar úaċdaráin na sagart agus na sgríobuiḋe maille ris na sinnsearuiḃ ċuige.
Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.
Oír ar na ḟaicsin roiṁe don sgriobtúir, go sáorfaḋ Día na cineaḋaċa tré ċreideaṁ, do ṡoisgéil sé roiṁe láiṁ Dábraham, ag ráḋ, Biáiḋ na huile ċineaḋaċa ar na mbeannuġaḋ ionnadsa.