Agus raċaiḋ síad a ccúasuiḃ na ccarrac, agus a núaṁuiḃ na talṁan ar eagla an TIĠEARNA, agus ar son ġlóire a ṁórḋaċta, a núair éireoċus sé do ċroṫaḋ na talṁan go húaṫḃasáċ.
Agus cuirfiġear ó ċéile uile ṡlúaġ niṁe, agus crapfuiġear na flaiṫis a ccionn a ċéile aṁuil scrola: agus tuitfiḋ a slúaġ uile síos, mar ṫuitios an duille do nfineaṁuin, agus aṁuil fíge ṫuiteas don ċrann fíge.
Oír is marso a deir TIĠEARNA na slóġ, Día Israel; Is cosṁuil inġean na Babilóine ré hurlár buáilte, is miṫid a búalaḋ: giḋeaḋ tamall beag, agus tiucfaiḋ aimsir a foġṁair.
Iondus go ccriṫfid éisc na fairge, agus éunlaiṫ neiṁe, agus beaṫuiġe an ṁaċaire, agus na huile neiṫe snáiḋeaċa ṡnaiḋios air an ttalaṁ, agus na huile ḋaóine da ḃfuil ar ġnúis na talṁan rem raḋarcsa, agus teilgfiġear na sléiḃte síos, agus tuitfid na háite árda, agus tuitfiḋ a nuile ḃalla go talaṁ.
Núallfuiḋ an TIĠEARNA fós amaċ as Sion, agus cuirfiḋ a ġúṫ amaċ as Ierusalem; agus biáiḋ neaṁ agus talaṁ ar crioṫ: aċd buḋ é an TIĠEARNA dóṫċus a ḋaóine, agus neárt ċloinne Israel.
Agus do ċífid cuid do na treaḃuiḃ agus do na puibleaċuiḃ agus do na teangṫuiḃ agus do na cineaḋaċuiḃ a gcuirp feaḋ ṫrí lá go leiṫ, agus ní léigfid a gcuirp do ċur a dtúamniġiḃ.