Annsin déiriġ Iessua ṁac Iosadac, agus a ḋearḃráiṫre na sagairt, agus Serubbabel ṁac Sealtiel, agus a ḋearḃráiṫre, agus do ċuireadar súas altóir De Israel, dofráil íodnearṫa loisg uirre, mar atá scríoḃṫa a ndliġeaḋ Ṁaoise óglaiċ Dé.
¶ Agus Nehemiah, noċ asé an Tirsata, agus Esra an sagart an scriḃneóir, agus na Leḃítiġ do ṫeagaisc an pobal, a duḃradar rís an bpobal uile, Atá an lá a niuġ náoṁṫa don TIĠEARNA ḃur Ndía; ná déanuiḋ doilġios, nó gul. Oir do ġuil an pobal uile, a nuáir do ċúaladar bríaṫar an dliġe.
Annsa dara blíaḋain do Ḋárius an ríġ, annsa seiseaḋ ṁí, annsa ċéad lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ go Serubbabel ṁac Sealtiel, úaċdarán Iúdah, agus go Iosua ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, ag ráḋ,
¶ Annsin dúṁluiġ Serubbabel mac Seáltiel, agus Iosiah ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, maille re huile íarsma an ṗobail do ġúṫ an TIĠEARNA a Ndía, agus do ḃríaṫraiḃ Haggai an fáiġ, (mar do ċuir an TIĠEARNA a Ndía úaḋ é,) agus do ḃí eagla air an bpobal roiṁe an TTIĠEARNA.
¶ Agus do ċorruiġ an TIĠEARNA súas spiorad Ṡerubbabel ṁic Seáltiel, úaċtarán Iúdah, agus spiorad Iosuah ṁic Iosedeċ, an tárdsagart, agus spiorad íarsma an ṗobail uile; agus ṫangadar agus doibriġeadar a ttiġ ṪIĠEARNA na slóġ, a Ndía,