Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Haggai 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Do ḃi súil agaiḃ ré mórán, agus féuċ, ṫáinic sin ċum beagáin; agus an tan ṫugaḃair don ḃaile é, do ṡéid misi air. Cred uime? a deir TIĠEARNA na slóġ. Do ḃríġ mo ṫiġe atá na ḟásaċ, agus rioṫuiġ gaċ duine aguiḃsi ḋá ṫiġ féin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Haggai 1:9
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.


Agus do ċonncus grinnioll na fairge, do léigeaḋ leis bunáitiġ an tsáoġail, le hiomaiṫfear an TIĠEARNA, le séideaḋ anála a ṗolláireaḋ.


Féuċ, cuirfiḋ misi suinnéan airsion, agus cluinfiḋ sé giorac, agus fillfiḋ sé ḋá ḋuiċṫe féin; agus do ḃéara mé air tuitim leis an ccloiḋeaṁ iona ṫír féin.


Déara mé ré Día. Ná damain mé, foillsiġ ḋaṁ cred fá cceannairgeann tú riom.


Bí neaċ ann sgaóileas, agus ṫairis sin ḃeirios biseaċ; agus neaċ ċongṁas ní is mó no is iomċuḃaiḋ, aċt is ċum boċtuine ṫig sé.


Ifrionn agus diḃḟeirg ní ḃíd ċoiḋċe lán; marsin ní ḃíd súile an duine sáiṫeaċ ċoiḋċe.


Atáid na huile neiṫe lán do ṡáoṫar, ní ḟéadann duine a innisin: ní sástar an tsúil se faicsin, nó an ċlúas le cluinsion.


Críonuiḋ an féur, searguiḋ an bláṫ: do ḃríġ go séidionn spiorad an TIĠEARNA air: go deiḃin is feur na daoine.


Fós, do ḃéaruid deiċnacra fíneaṁna áoinṁiosúr aṁain, agus síol homer do ḃéara sé eṗah úaḋ.


Do ṡíolċuireadar cruiṫneaċd, aċd beanfuid síad dosáin: do ċuireadar íad féin ċum sáoṫair, aċ ní ṫairḃeoċuid síad; agus biáiḋ náire orra do ḃríġ ḃur ccíosa ar son féirge ḟíoċṁuire an TIĠEARNA.


Agus dóirtfiḋ mé amaċ mfearg ort, séidfiḋ mé ad aġaiḋ a tteine mo ḋíoġaltais, agus do ḃéara mé ṫú a láiṁ ḋaóine brúideaṁla, agus éolaċ air aiḋṁilleaḋ.


Agus iostaoi an toraḋ an cúigeaḋ bliaḋan, ċor go ttuga sé biseaċ ḋáoiḃ: misi an TIĠEARNA ḃur Ndía.


An miṫid diḃ, ó siḃse, coṁnuiġe do ḋéanaṁ ann ḃur ttiġṫiḃ díona, agus an tiġse na luiḋe na ḟásaċ?


Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.


Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é.


Béara tú mórán síl amaċ fán maċaire, agus ní ċruinneoċa tú aċd beagán a steaċ; óir iosuid na lócuistiġ é.


Giḋeaḋ atá agum a táḋuiġ, gur ṫréig tú do ċéudġráḋ.


An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ