Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Haggai 1:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Eirġiḋe súas air a tslíaḃ, agus tugaiḋ aḋmad liḃ, agus cuiriḋ an tiġ súas; agus biáiḋ dúil agamsa ann, agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ, a deir an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Haggai 1:8
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tárla annsa ċeaṫraṁaḋ céud agus ceiṫre fiṫċid bliaḋain tar éis ċloinne Israel do ṫeaċd amaċ as tír na Hégipte, ann sa ċeaṫraṁaḋ blíaḋain do rioġaċd Ṡoluiṁ ós cionn Israel, ann sa mí Sif, sé sin dara mí, do ṫionnsguin sé tiġ an TIĠEARNA do ċur suás.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Do ċúala mé do ġuiḋe agus híarratus, noċ do rinne tú am ḟiaḋnuise: do ḃeannuiġ mé an tiġso, noċ do rinne tú, do ċur manma ann go bráṫ; agus béid mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann go síorruiḋe.


Anois socruiġiḋ ḃur ccroiḋṫe agus ḃur nanam díarruiḋ ḃur TTIĠEARNA Dé; éirgiḋ ar a naḋḃarsin, agus ullṁuiġiḋ sanctoir an TIĠEARNA Dé, do ṫaḃairt aírce ċunnarṫa an TIĠEARNA, agus ṡoiṫeaċ náoṁṫa Dé, don tiġ do ḋéantar dainm an TIĠEARNA.


Oír do ṫoġ mé anois agus do noaṁuiġ mé an tiġse, ċor go mbía mainm ann go bráṫ: agus beíd mo ṡúile agus mo ċroiḋe ann a ccoṁnuiġ.


¶ Ṫugadar fós airgiod do na saoruiḃ cloiċe, agus croinn; agus bíaḋ, agus deoċ, agus ola, do ṁuinntir Ṡídon agus Tior, do ṫaḃairt crann cédair ó Lebanon go fairge Ioppa, do réir an ċeada fúaradar ó Ċirus ríġ na Persia.


Maille re trí líne do ċloċuiḃ móra, agus líne do aḋmad núaḋ: agus tugṫar a ccaiṫfiġṫér leis as tiġ an ríġ:


Agus an sin ṫeigeoṁus mé re cloinn Israel, agus do ḋéantar an tabernácuil náoṁṫa leam ġlóir.


Tiucfa glóir Lebanon ċugad, an crann giuṁais, an crann pine, agus an bocsa a néinḟeaċd, do sgíaṁuġaḋ aite mo ṡanctóra; agus do ḋéana mé áit mo ċos glórṁar.


Cruinneoċṫar tréuda Cedar uile mar áon ċugadsa, foiġeonuid reiṫeaḋ Nebaiot ḋuit: tiucfuid súas maille ré mo ḋeaġṫoilsi ar maltóir, agus glóirfiodsa tiġ mo ġlóire.


An ċor go ndíulfuiḋiḋ, agus go sáiseoċuiḋ siḃ lé cíoċuiḃ a sóláis; ċor go mblifiḋ, agus go mbeiṫí a náoiḃneas tré íomad a glóire.


¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Measuiġ ḃur sliġṫe.


Agus crioṫfiḋ mé na huile ċineaḋaċa, agus tiucfuiḋ fonn na nuile ċineaḋ: agus líonfa mé an tiġse le glóir, a deir TIĠEARNA na slóġ.


Buḋ mó glóir an tiġe ḋeiġionaiġsi ná an ċéid tiġe, a deir TIĠEARNA na slóġ: agus da ḃéara misi síoṫċáin annsa náitsi, a deir TIĠEARNA na slóġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ