Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.
Eirġiḋe súas air a tslíaḃ, agus tugaiḋ aḋmad liḃ, agus cuiriḋ an tiġ súas; agus biáiḋ dúil agamsa ann, agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ, a deir an TIĠEARNA.
Tuilleaḋ eile, a ḋearḃraiṫre, déunuiḋ gáirdeaċas sa Dtíġearna. Go deiṁin ní léisg leam na neiṫer céudna do sgríoḃaḋ ċuguiḃ, agus as ní saḃálta ḋíḃse é.