Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Haggai 1:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Haggai 1:6
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.


Agus a duḃairt sisi, Mar ṁairios do ṪIĠEARNA Día, ní ḃfuil éanḃairġin agum, aċd lán baise do ṁin a mbairille, agus beagán ola a gcrúisgín: agus, feúċ, atáim ag cruinniuġaḋ maide nó ḋó, le ndeiseoċuinn sin ḋaṁ féin agus dom ṁac, go niṫmis é, agus go ḃfaġamáois bás.


Oír do ḃí cuid díoḃ a duḃairt, Atámuidne, ar míc, agus ar ninġeana, iomad: uimesin tógḃeamuid arḃar súas doíḃ, ċor go niṫeamaóis bíaḋ, agus go mbéaimis béo.


A niomláine a ṫáḃaċta biáiḋ sé a gcuṁgaċ: tiucfaiḋ láṁ gaċ uile ḋroċḋuine air.


Deileoċuiḋ biseaċ a ṫiġe ris, agus imeoċuiḋ a ṁaóin seaċad a ló a ḟeirg.


Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann.


Bí neaċ ann sgaóileas, agus ṫairis sin ḃeirios biseaċ; agus neaċ ċongṁas ní is mó no is iomċuḃaiḋ, aċt is ċum boċtuine ṫig sé.


Fós, do ḃéaruid deiċnacra fíneaṁna áoinṁiosúr aṁain, agus síol homer do ḃéara sé eṗah úaḋ.


Do ṡíolċuireadar cruiṫneaċd, aċd beanfuid síad dosáin: do ċuireadar íad féin ċum sáoṫair, aċ ní ṫairḃeoċuid síad; agus biáiḋ náire orra do ḃríġ ḃur ccíosa ar son féirge ḟíoċṁuire an TIĠEARNA.


Do ḃríġ go ḃfuil an talaṁ scoilte, óir ní raiḃ fearṫuinn ar biṫ san talaṁ, do ḃí náire ar na treaḃṫairiḃ, agus dfóluiġeadar a ccinn.


Aċt ó nuáir fár sguireamar do loscaḋ túise do ḃainríoġain neiṁe, agus ofráil díġe do ḋórtaḋ amaċ ḋi, do ḃí easḃuiḋ a nuile néiṫe maiṫe oruinn, agus do marḃaḋ sinn leis an ccloiḋeaṁ agus leis an ngorta.


Oír íosuid síad, agus ní ḃiáiḋ go lór aca: do ḋéanuid stríopaċuis, agus ní ḟoirlíonfuid síad: do ḃríġ gur léigeadar ḋíoḃ aire do ḃeiṫ aca ar an TIĠEARNA.


Oír do ṡíoladar an ġáoṫ, agus beanfúid an ġáoṫ ġuáirdeain: ní ḃiáiḋ connlaċ aige: ní ṫiuḃra an coinlín min uaḋa: má ḃeir, isé an coiṁṫiġeaċ ṡluigfios súas í.


Agus caiṫfíḋe ḃur neart go díoṁáoin: oir ní ṫiuḃra ḃur ḃféarann a ṡoċar, ní mó do ḃearuid croinn na talṁan á ttoraḋ.


Agus a nuáir ḃrisfeas mé bata ḃur naráin, bruiṫfiḋ deiṫneaṁar ban ḃur narán a néanḃácus aṁáin, agus do ḃéaruid ḃur narán díḃsi ar na ṫoṁas: agus íostáoi agus ní ḃeiṫí sáṫaċ.


Uimesin do congṁaḋ an taiér ós ḃur ccionn ó ḋrúċt, agus do congṁaḋ an talaṁ ó na ṫoraḋ.


Anois uimesin is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Measuiġ féin ḃur sliġṫe.


¶ Is marso a deir TIĠEARNA na slóġ; Measuiġ ḃur sliġṫe.


Do ḃi súil agaiḃ ré mórán, agus féuċ, ṫáinic sin ċum beagáin; agus an tan ṫugaḃair don ḃaile é, do ṡéid misi air. Cred uime? a deir TIĠEARNA na slóġ. Do ḃríġ mo ṫiġe atá na ḟásaċ, agus rioṫuiġ gaċ duine aguiḃsi ḋá ṫiġ féin.


O do ḃádar na láeṫesin, an tan ṫáinic áon go cárn ḟíṫċiod miosúr, ní raiḃ aċt deiċ miosúir ann: a nuáir ṫáinic áon gus a númar brúiġte a nfíona do ṫarruing ċáogad soiġṫeaċ amaċ ón númar, ní raiḃ ann aċd fiṫċe soiṫeaċ.


Do ḃuáil misi siḃ re gáoṫruáiḋ agus lé milċeó agus lé cloiċṡneaċda ann uile ṡaoṫruiḃ ḃur láṁ; giḋeaḋ níor ḟilleaḃair ċugam, a deir an TIĠEARNA.


Do ḃéara mé amaċ é, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus raċuiḋ a steaċ go tiġ an ġaduiġe, agus go tiġ an té do ḃeir mionna bréige fam ainmsi: agus anfa a lár a ṫiġe, agus cnaóiḋfiḋ é maille re na aḋmad agus gun a ċloċaiḃ.


Oír roiṁe na laéṫiḃsi ní raiḃ túarusdal ar bioṫ do ḋuine, nó túarusdal ar bioṫ do ḃeaṫaċ; ní mó do ḃí sioṫċáin ag an tí do raċaḋ amaċ nó ṫigeaḋ a steaċ do ḃríġ an ḃuáiḋeárṫa: óir dó ċuir misi gaċ uile ḋuine a naġaiḋ a ċoṁarsan.


Muna néistiġe, agus muna ccurṫaói ann ḃur ccroiḋe é, do ṫaḃairt glóire dom ainmse, a deir TIĠEARNA na slóġ, cuirfe misi go deiṁin malluġaḋ oruiḃ, agus mailleoċa mé ḃur mbeannuġaḋ: fós, do ṁallniġ mé ċeana íad, do ḃríġ naċ ccurṫaoi ann ḃur ccroiḋe é.


Biáiḋ do ḃascáeid agus do stór malluiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ