Agus a duḃairt an duine riomsa, A ṁic an duine faic lead ṡúiliḃ, agus cluin led ċlúasaiḃ, agus suiġiḋ do ċroiḋe air a nuile ní ṫaisbéanfas misi ḋúit; óir is ċum go ttaisbéanfuinn duit íad tugaḋ annso ṫú: foillsiġ do ṫiġ Israel a nuile ní do ċíḋ tú.
Annsin a duḃairt sé riom, Ná heagluiḋ, a Ḋániel: óir ón ċéad lá fár ṡuiġiḋ tú do ċroiḋe ar ṫuicsi, agus ar úṁluiġis ṫú féin a ḃfíaġnuisi do Ḋé, do ċlos do ḃríaṫra, agus ṫáinic misi ar son do ḃríaṫar.
An sin, an tan do ċuáluiḋ an ríġ na bríaṫraso, do ḃí sé ro ḟeargaċ ris féin, agus do ṡuiġiḋ sé a ċroiḋe ar Ḋániel dá ṡáoraḋ: agus doibriġ se go dul gréine faói dá ṡáoraḋ.
Do ċuireaḃair mórán, agus is beag ḃearṫaoi a steaċ; iṫí, aċd ní ḃfuil go lór aguiḃ; iḃṫi, aċt ní ḃfuiltí líonta do ḋiġ; éaduiġṫí, aċt ní ḃfuil áonduine aguiḃ seasgair; agus an té ṫuillios túarustal tuilliġ sé túarastal dá ċur a mála ḃrisde.
Feuċuiḋ siḃ féin, an ḃfuil siḃ sa gcreideaṁ; cúartuiġe siḃ féin. A né naċ feasaċ siḃ oruiḃ féín, go ḃfuil Iósa Criosd ionnuiḃ, aċd muna dáoine éidearḃṫa siḃ.