Haggai 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)1 Annsa dara blíaḋain do Ḋárius an ríġ, annsa seiseaḋ ṁí, annsa ċéad lá don ṁí, ṫáinic bríaṫar an TIĠEARNA le Haggai an fáiġ go Serubbabel ṁac Sealtiel, úaċdarán Iúdah, agus go Iosua ṁac Iosedeċ, an tárdṡagart, ag ráḋ, အခန်းကိုကြည့်ပါ။ |
¶ Anois annsa dara ḃlíaḋain ar tteaċt dóiḃ go tiġ Dé ann Ierusalem, air an dara mí do tosuiġ Serubbabel ṁac Sealtiel, agus Iessua ṁac Iosadac, agus ar ṁair dá ndearḃráiṫriḃ na sagairt agus na Lebítiġ, agus a nuile ḋuine dá ttáinic as a ndaoirsine go Hierusalem; agus dórduiġeadar na Leḃítiġ, ó fiṫċid bliaḋam daóis agus ós a ċionn, do ċur oibre ṫiġe an TIĠEARNA ar a haġaiḋ.