Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Gníoṁarṫa 7:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a duḃairt seision, A ḃraiṫreaċa, agus a aiṫreaċa, éisdiġ; Dfoillsiġ Día na glóire é féin dar naṫair Abraham, an tan do ḃí sé sa Mésopotámia, suil do ċóṁnuiḋ sé a Gcárran,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ceiṫre Soiscéil agus Gníoṁarṫa na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara)

2 Agus duḃairt seisean: A ḟeara, a ḃráiṫre agus a aiṫreaċa, éistigiḋ. Ṫaisḃeán Dia na glóire é féin dár n-aṫair Abraham nuair a ḃí sé san Ṁeaspotáim, sul ar ċóṁnuiġ sé i gCaran,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 Agus aduḃairt seisean, A ḃráiṫreaċa agus a aiṫreaċa, éistiḋ, Do ṫaisbeán Dia na Glóire é féin d’ár nAṫair Abraċam, an tráṫ ’n‐a raiḃ sé i Mesopotámia, sarar ċóṁnuiġ sé i gCarrán;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

Na Ċeiṫre Soisgéil agus Gníoṁarṫa na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

2 Duḃairt seisean: A feara, a ḃráiṫre agus a aiṫreaċa, éistiḋ liom! Do ṫaisbeáin Dia na glóire é féin d’ár n-aṫair Ábraham nuair a ḃí sé i Mesopotámia sar ar ċóṁnuiġ sé i gCaran,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Gníoṁarṫa 7:2
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac Térah Abram a ṁac, agus Lot mac Hárain mac a ṁic, agus a ḃainċlíaṁuin Sárai, bean a ṁic Abram; agus do ċúadar amaċ leó ó Ur na Gcaldeanaċ, do ḋul go tír Ċanaáin; agus tangadar go Háran, agus daiṫreaḃuiġeadar ann sin.


A Ḋaoine, a ḃráiṫreaċa, agus a aiṫre, éisdiġ a nois rém ṡáoraḋsa ḋáoiḃ.


Atá guṫ an TIĠEARNA ós cionn na nuisgeaḋ: tóirniġ Día cuṁaċdaċ na glóire: atá an TIĠEARNA ós cionn na nuisgeaḋ mór.


Noċ ar mbeiṫ ḋo na ḋeallraḋ glóire, agus na ioṁáiġ ḟíre a ṗearsannsan, agus ag congṁáil súas na nuile neiṫeann ré breiṫir a ċúṁaċd féin, ar nglanaḋ ar bpeacuiġne ḋó ṫríd féin, do ṡuiġ sé ar láiṁ ḋeis na Mórġaċda sna hárduiḃ;


Agus do rinneaḋ féoil don Ḃreiṫir, agus do ċoṁnuiġ sé eadruinne, (agus do ċunncamar ġlóirsion, mar ġlóir éinġeine Ṁic an Aṫair,) lán do ġrásuiḃ agus dfírinne.


Is tú an TIĠEARNA Día, noċ do ṫoġ Abram, agus ṫug amaċ é as Ur na Ccaildeánaċ, agus ṫug Abraham dainm air;


Agus a duḃairt sé ris, As misi an TIĠEARNA tug amaċ ṫú as Urna gealdéanaċ, do ṫaḃairt na tírese ḋuit, ċum a beiṫ na hoiġreaċd agad.


As fíu ṫú, a Ṫíġearna, glóir, agus onóir, agus cúṁaċda dfaġáil: óir as tú do ċruṫuiġ na huile neiṫe, agus as tré do ṫóilse atáid agus do crúṫuiġéaḋ íad.


Ar mbeiṫ ḋúinn ag fuireaċ ris an muinġin ḃeannuiġe, agus re teaċd deallruiġeaċ ġloire an Dé ṁóir eaḋon ar Slánaiġṫeóra Iósa Críosd;


A néagna nar ḃaiṫne dáoinneaċ do ṗrionnsaiḋiḃ an tsáoġailse: óir dá maḋ aiṫne ḋóiḃ í, ní ċéusfaidís Tiġearna na glóire go bráṫ.


Agus an tan a duḃairt sé so, do éiriġ imreasan eidir na Ṗairisiniġ agus na Saduċíniġ: agus do roinneaḋ an coiṁṫionól.


Do laḃair Esaías na neiṫe so, and tan do ċunnairc sé a ġlóirsean, agus do laḃair sé na ṫimċeall.


Glóir do Ḋía ann sna hárduiḃ, agus síoḋċáin ar an dtalaṁ, deaġṫoil do na dáoiniḃ.


Agus na léig sinn a ccaṫuġaḋ, aċd sáor inn ó olc: Oir is leaċd féin an ríoġaċd, agus an ċúṁaċd, agus an ġloír, go siórruiġe. Amen.


Féuċuiḋ air Abraham ḃur naṫair, agus ar Ṡarah do rug siḃ: óir do ġoir misi eision aṁáin, agus do ḃeannuiġ mé é, agus do ṁéaduiġ mé é.


Agus do ġoir aon ar oile, agus a duḃradar, Is náoṁṫa, náoṁṫa, náoṁṫa, TIĠEARNA na slóġ: atá an talaṁ uile líonta da ġlóir.


Cía hé an Ríġsi na glóire? TIĠEARNA na slóġ, isé sin Ríġ na glóire. Selah.


O siḃsi a ġeatuiġe, tógḃuiḋ súas ḃur ccinn; agus tógḃuiḋ súas siḃ féin, siḃsi a ḋóirse síorruiḋe; agus tiucfaiḋ Ríġ na glóire a steaċ.


Agus a duḃairt Iosua ris an bpobal uile, As mar so a deir an TIĠEARNA Día Israel, Do áitreaḃadar ḃur naiṫreaċa don taóiḃ oile don tuile annsa tseanaimsir, eaḋon Terah, aṫair Abraham, agus aṫair Naċor: agus do aḋradar dée oile.


Agus a duḃairt Iácob ríusan, A ḋearḃráiṫre, gá has diḃsi? agus a duḃradarsan, ó Háran dúinne.


Agus rug Abram Sarai a ḃean, agus Lot mac a ḋearḃraṫar, agus a substaint uile noċ do ċruinniġeadar, agus na hanmanna fúaradar ann Háran: agus do ċúadar amaċ do ḋul go tir Ċanaáin; agus tangadar go tir Ċanaáin.


Anois a duḃairt an TIĠEARNA ré Abram, Eiriġ roṁad as do ṫír, agus ód ġáol, agus ó ṫiġ haṫar, go fearann ṫaisbenfus misi ḋuit:


Nar ṡáoradar dée na ccineaḋaċ an ṁéid do scriosadar maiṫrese, Gósan, agus Háran, agus Reseṗ, agus clann Eden noċ do ḃí a Dtelassar?


Ann sin a duḃairt an tárdsagárt, An ḃfuilid na neiṫese mar so?


Ionnus go dtíuḃraḋ Día ar Dtiġearna Iósa Críosd, Aṫair na glóire, Sbiorad éagna agus foillsiġe ḋáoiḃ ċum eision dadṁáil:


As tré ċreideaṁ, dúṁlaiġ Abraham, ar na ġairm ag imṫeaċd go hionad noċ do ġeubaḋ sé na ḋiáiġ sin doiġreaċd; agus do ṫríall sé roiṁe, gan a ḟios aige cá háit ann a raiḃ sé ag dul.


A ḋearḃraiṫre, ná bíoḋ creideaṁ ar Dtíġearna ġlórṁar Iósa Críosd aguiḃ, maille ré féuċain do ṗearsuin seaċ a ċéile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ